Díolúine chánach do charthanais

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach do charthanais

Chun iarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach, ní mór do do charthanas a bheith cláraithe:

Ní mór iarratas a thíolacadh trí ROS mar seo a leanas:

  • Sínigh isteach ar ROS.
  • Téigh chuig an rannán 'Seirbhísí Eile' faoin gcluaisín 'Mo Sheirbhísí Féin'.
  • Roghnaigh 'Ríomh-Iarratais Carthanas agus Comhlachtaí Spóirt'.

Tá tuilleadh eolais ar iarratas a dhéanamh ar líne ar dhíolúine chánach do charthanais ar líne sa rannán seirbhísí ar líne. 

Ní mór do charthanais, seachas scoileanna a bhfuil Uimhir Rolla acu, an méid seo a leanas a cheangal lena n-iarratas:

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh doiciméad chun tacú le d’iarratas.

Más scoil le hUimhir Rolla thú atá cláraithe le haghaidh cánach, níl ort ach an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • Uimhir Cláraithe Carthanais arna eisiúint ag An Rialálaí Carthanas
  • agus
  • sonraí i leith na n-iontaobhaithe ar fad.

Nuair a dheonaítear díolúine chánach ar do charthanas, eiseoidh muid Uimhir Díolúine Carthanúla (CHY). Ní gá duit do dhíolúine a athnuachan ar an gcoinníoll go gcomhlíonann tú na coinníollacha i gcónaí chun an díolúine a choinneáil. 

Ar aghaidh: Coinníollacha i leith díolúine chánach do charthanais a choinneáil