Scéim Cúitimh CBL do charthanais

Léargas ginearálta

Tá sé mar aidhm ag an Scéim Cúitimh Cánach Breisluacha (CBL) an t-ualach CBL ar charthanais a laghdú agus chun páirtchúiteamh a dhéanamh i leith CBL íoctha ag an gcarthanas. Baineann an scéim le CBL a íocadh i leith caiteachas ar 1 Eanáir 2018 nó dá éis. Ní fhéadtar CBL a íocadh i mblianta roimhe a éileamh.

Féadann carthanais éileamh amháin a thíolacadh in aghaidh na bliana agus ba chóir go mbainfeadh sé le CBL a íocadh sa bhliain roimhe amháin.

Ní fhéadtar éilimh a thíolacadh ach amháin idir 1 Eanáir agus 30 Meitheamh gach bliain. Ní féidir éileamh a thíolacadh tar éis an dáta deiridh a bheith caite, i gcúinse ar bith.

Ní dhéileáiltear le héilimh faoin scéim seo ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce.

Beidh uasteorainn bhliantúil €10 milliún ar an gciste don scéim seo.

Tá carthanais i dteideal éileamh a dhéanamh i leith aisíocaíocht ar sciar dá gcostais CBL incháilithe, bunaithe ar a leibhéal maoinithe neamhphoiblí.

Féadann suim iomlán na n-éileamh gach bliain a bheith níos mó ná an tsuim theoranta. Má tharlaíonn sé seo, is ar bhonn pro rata a íocfar gach aisíocaíocht dhlite.

Ar aghaidh: Coinníollacha cáilitheacha agus doiciméid tacaíochta