Scéim Cúitimh CBL do charthanais

Cén chaoi a ríomhtar suim an éilimh?

Sa reachtaíocht, tugtar cáin incháilithe ar shuim an éilimh. Is é seo an tsuim a fhéadann carthanas a éileamh faoin scéim. Is é seo an tsuim atá incháilithe le héileamh a dhéanamh ina leith bunaithe ar an leibhéal maoinithe neamh-phoiblí a fhaightear.

Is leis an bhfoirmle seo a leanas a shocraítear suim an éilimh nó na cánach incháilithe don bhliain féilire lena mbaineann an t-éileamh:

  • cáin cháilitheach x (ioncam cáilitheach nó ioncam iomlán).

Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire gurb é €500 an t-éileamh íosta a fhéadtar a dhéanamh agus gurb €1,000,000 an suim uasta ó 1 Eanáir 2022.

Tá teorainn €10 milliún sa bhliain ar an tsuim iomlán bhliantúil atá ar fáil le híoc faoin scéim. Braitheann an tsuim a fhéadtar a íoc le haon carthanas ar an éileamh ó na hiarratasóirí uile.

Ciallaíonn sé seo, maidir leis an tsuim a íocann na Coimisinéirí Ioncaim le haon carthanas, go bhféadfaidh an tsuim a íoctar a bheith níos lú ná suim an éilimh.

Ar aghaidh: Éileamh á dhéanamh