Scéim Cúitimh CBL do charthanais

Céard is caiteachas cáilitheach agus cáin cháilitheach ann?

Céard is caiteachas cáilitheach ann?

Is éard is caiteachas cáilitheach ann ná caiteachas a bhféadtar éileamh a dhéanamh ina leith faoin scéim seo. Tá roinnt coinníollacha i gceist le ríomh an chaiteachais cháilithigh.

Féadann carthanas cúiteamh a lorg ar an Cháin Bhreisluacha (CBL) a íocadh sa Stát ar chaiteachas áirithe. Ní mór go raibh an caiteachas le haghaidh earraí nó seirbhísí a d’úsáid an carthanas chun críocha carthanúla amháin.

Sa chás nár úsáid an carthanas ach sciar den earra nó seirbhís chun a chríocha carthanúla, ní mór dó an sciar sin a ríomh. Níl an sciar nár úsáideadh chun a chríocha carthanúla incháilithe don scéim seo.

Maidir le haon suim atá an carthanas i dteideal a fháil faoi aon scéim nó reachtaíocht eile arna riar ag na Coimisinéirí Ioncaim, ní fhéadann an carthanas na suimeanna sin a chur san áireamh. Mar shampla:

  • aon chineál faoiseamh
  • aisíocaíocht
  • cúiteamh
  • in-asbhainteacht.

Céard is cáin cháilitheach ann?

Is éard is brí le cáin cháilitheach ná an cháin atá íoctha ag an gcarthanas i leith an chaiteachais cháilithigh.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ríomhtar suim an éilimh?