Scéim Cúitimh CBL do charthanais

Céard is ioncam iomlán agus ioncam cáilitheach ann?

Ioncam iomlán

Is éard is ioncam iomlán ann ná an t-ioncam uile a fhaigheann carthanas cáilitheach sa bhliain lena mbaineann an t-éileamh, seachas:

  • suimeanna a bhailítear don charthanas agus aistríodh go díreach chuig carthanas eile
  • aon iasacht in-aisíoctha chuig carthanas
  • aon mhaoiniú poiblí a fhaightear, go díreach nó go hindíreach, atá le haghaidh aistriú ar aghaidh chuig comhlacht nó duine aonair eile.

Agus Ioncam Iomlán á ríomh sa chás go bhfuil cistí bailithe ag carthanas cáilitheach le haghaidh carthanas cáilitheach eile, baineann an méid seo le hábhar:

  • ní fhéadann an carthanas atá ag fáil an chiste ach na cistí áirithe sin a chur san áireamh i ríomh an éilimh
  • ní fhéadann an carthanas atá ag bailiú an chiste na cistí áirithe sin a chur san áireamh nuair atá a Ioncam Iomlán nó Ioncam Cáilitheach á ríomh.

Sa chás go bhfuil carthanas ag aistriú aistrí ar aghaidh, níl na cistí seo le feiceáil mar ioncam i ráitis airgeadais an charthanais. Is é ról an charthanais ná na cistí a bhainistiú agus a aistriú ar aghaidh de réir mar atá leagtha amach sa chomhaontú leis an gcomhlacht aistrithe.

Sampla den chineál maoinithe seo ná scéim tacaíochta tithíochta.

Cuireann an Stát an maoiniú atá bainistithe ag an gcarthanas ar fáil, agus íocann an carthanas an tiarna talún go díreach. Ní mheastar gur ioncam é an maoiniú seo i gcuntais airgeadais an charthanais.

Sa chás go bhfaigheann an carthanas íocaíocht ón Stát nó ón gcomhlacht poiblí chun na cistí seo a phróiseáil, ba chóir go mbeadh an íocaíocht seo:

  • san áireamh san Ioncam Iomlán
  • eisiata ó ríomhanna ioncaim cháilithigh.

Ioncam cáilitheach

Tugtar ioncam cáilitheach ar an sciar d’ioncam do charthanais atá maoinithe go príobháideach. Tá ioncaim a mhaoinítear go poiblí agus ioncam atá eisiata ón ríomh Ioncaim Iomlán eisiata.

Chun ioncam cáilitheach a ríomh, ba chóir do charthanas maoiniú áirithe a asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain lena mbaineann an t-éileamh.

Ní mór duit an méid seo a leanas a asbhaint:

  • Aisíocaíochtaí nó faoisimh a fhaightear ó aon scéim nó reachtaíocht arna riar ag na Coimisinéirí Ioncaim. Mar shampla, aisíocaíochtaí a fuarthas trí Thuairisceán Cánach Breisluacha (CBL) a thíolacadh, nó éilimh a rinneadh faoin Scéim Cúitimh CBL nó faoin Scéim Tabhartas Carthanúil.
  • Táillí oideachais a fhaightear más scoil, ollscoil, institiúid theicneolaíocht nó bunaíocht oideachais atá sa charthanas. I gcás carthanais nach bhfuil sna catagóirí seo ach a fhaigheann táillí oideachais, meastar gur comhlachtaí oideachais iad i leith an sciartha sin dá ngníomhaíochtaí. Ní mór dóibh gan táillí den chineál sin a fhaightear a chur san áireamh ina n-ioncam iomlán.
  • Ioncam ó shiopaí, bialanna, agus ionaid asdíola.
  • Maoiniú a fhaightear ó charthanas cáilitheach eile go díreach nó go hindíreach.

Ní mór duit maoiniú, aisíocaíochtaí agus faoisimh a fhaightear go díreach nó go hindíreach uathu seo a leanas a asbhaint chomh maith:

  • an Stát, comhlachtaí poiblí, comhlachtaí Stáit, comhlachtaí bunaithe ag reacht
  • comhlachtaí a fuair an maoiniú sin go díreach go hindíreach ón Stát
  • an tAontas Eorpach nó comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, nó ó chomhlachtaí a fuair an maoiniú sin gó díreach nó go hindíreach ón Aontas Eorpach
  • an maoiniú poiblí de chuid aon Bhallstát den Aontas Eorpaigh
  • comhlachtaí a fuair an maoiniú sin go díreach go hindíreach ó mhaoiniú poiblí de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach
  • eagraíochtaí idirnáisiúnta a fuair an maoiniú go díreach nó go hindíreach ón maoiniú poiblí de chuid aon tír eile
  • aon chomhlacht a fuair an maoiniú ó eagraíocht idirnáisiúnta a fuair an maoiniú sin roimhe sin go díreach nó go hindíreach ó maoiniú poiblí de chuid aon tír eile.

Roinnt samplaí d’ioncam neamhcháilitheach ná Tabhartais Charthanúla agus aisíocaíochtaí ón Scéim Cúitimh CBL do Charthanais, deontas ón gComhairle Chontae, ioncam ó shiopa carthanais, Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT) agus íocaíochtaí ón Scéim Fostaíochta Pobail (SFP). Féadtar tuilleadh samplaí d’ioncam cáilitheach a fháil in VAT Compensation Scheme Tax and Duty Manual.

Ar aghaidh: Céard is caiteachas cáilitheach agus cáin cháilitheach ann?