Scéim Cúitimh CBL do charthanais

Coinníollacha cáilitheacha agus doiciméid tacaíochta

Le cáiliú don scéim seo, ní mór do do charthanas, anois agus ag an tráth a íoctar an caiteachas cáilitheach, a bheith:

Chun éileamh a thíolacadh, teastóidh an méid seo a leanas:

  • uimhir cláraithe cánach arna deonú ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • sonraí cuntais bainc
  • an Uimhir Cláraithe Carthanais arna heisiúint ag an Rialálaí Carthanas.

Nuair a dhéanann tú d’éileamh a thíolacadh, seiceálfaidh muid do stádas imréitigh cánach. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil deimhniú imréitigh cánach reatha agat sula dtíolacann tú d’éileamh.

Ní mór duit d’éileamh agus aon doiciméid tacaíochta a thíolacadh san fhormáid iarrtha agus taobh istigh den chreat ama sonraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Ní phróiseálfar éilimh a dhéanfar tar éis an dáta deiridh.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid seo a leanas a iarraidh mar thacaíocht i leith d’éilimh:

  • Briseadh síos sonrach ar an ioncam iomlán, ioncam cáilitheach agus cáin cháilitheach.
  • Taifid Cáin Bhreisluacha (CBL) atá mar bhunús an éilimh, amhail sonraisc agus admhálacha.
  • Doiciméid a dhéanann cur síos ar an méid seo a leanas:
    • CBL íoctha
    • dáta an chaiteachais CBL
    • nár bhain na seirbhísí agus na hearraí ach lena gcríche carthanúla.
  • Cruthúnas go bhfuarthas an t-ioncam agus gur íocadh an caiteachas sa bhliain chuí den éileamh.
  • Fianaise nach raibh an carthanas i dteideal asbhaint ná aisíocaíocht chánach a bhí á héileamh faoi aon reachtaíocht eile arna riar ag na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Na cuntais iniúchta is déanaí. Ní mór go mbeadh na cuntais seo le haghaidh bhliain airgeadais an charthanais. Ní mór gurb é deireadh bliana na bliana airgeadais an bhliain lena mbaineann an t-éileamh nó an bhliain ina bhfuil an t-éileamh á dhéanamh.

Ní mór duit na leabhair, na taifid agus na doiciméid a bhaineann le d’éileamh a choimeád ar feadh sé bliana.

Ar aghaidh: An méid a theastaíonn chun suim an éilimh a ríomh