Scéim Cúitimh CBL do charthanais
Éileamh á dhéanamh
Cén chaoi a dtíolacann carthanas éileamh le haghaidh cúiteamh CBL?
Ní mór do charthanais ar mian leo éileamh a thíolacadh cloí leis na coinníollacha cáilitheachta. Ina theannta, ní mór do charthanais a bheith airdeallach faoi na doiciméid a d’fhéadfaí a iarraidh le tacú lena n-éileamh.
Is gá duit d’éileamh a thíolacadh tríd an gcóras ríomhAisíocaíochtaí ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Féadann gníomhairí nasctha éileamh a dhéanamh thar ceann carthanas. Mura bhfuil gníomhaire nasctha leis an gcustaiméir roimhe seo, féadfaidh siad nasc a dhéanamh le ceannteideal cánach reatha faoin gcárta seirbhísí gníomhaire ar ROS.
Treoir ar an gcaoi le héileamh a dhéanamh ar ROS
- logáil isteach ar ROS
- ar an gcluaisín Mo Sheirbhísí Féin, téigh síos chuig bun an leathanaigh
- faoi Seirbhísí Eile, roghnaigh Éilimh ríomhAisíocaíochtaí
- roghnaigh Déan Éileamh – CBL – Cáin Bhreisluacha
- roghnaigh Cúiteamh CBL do Charthanais.
Teastóidh an fhaisnéis seo a leanas chun éileamh a thíolacadh:
- Uimhir Cláraithe Cánach
- Uimhir Cláraithe Carthanais (arna eisiúint ag an Údarás Rialála Carthanas)
- sonraí bainc
- ioncam iomlán
- ioncam cáilitheach
- cáin cháilitheach
- suim an éilimh.
Féadtar tuilleadh treoracha ar an éileamh a thíolacadh a fháil ar Éileamh a thíolacadh le haghaidh na Scéime Cúitimh CBL do Charthanais.
Rialacha maidir le héilimh a thíolacadh
Ba chóir duit éilimh a thíolacadh go bhliaintúil agus go díreach le haghaidh aon bhliain féilire amháin. Ní mór gurb é seo an bhliain roimh bhliain an éilimh.
Féadfaidh tú d’éileamh a thíolacadh idir 1 Eanáir agus 30 Meitheamh sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann an t-éileamh. Ní fhéadtar d’éileamh a leasú ach amháin suas go dtí an 30 Meitheamh sa bhliain a thíolactar an t-éileamh. Is é €1,000,000 an suim uasta agus is é €500 suim íosta an éilimh a fhéadtar a thíolacadh.
Féadfaidh sé go ndiúltóidh na Coimisinéirí Ioncaim éileamh agus, má dhéantar é sin, cuirfidh muid na cúiseanna leis seo in iúl duit.
Féadfaidh muid aon athrú riachtanach a dhéanamh ar an éileamh, lena n-áirítear athruithe i leith shuim na cánach incháilithe atá á héileamh. Cuirfidh muid ar an eolas thú maidir le haon athrú a dhéanann muid.
Ní mór do charthanais dearbhú agus deimhniú a thabhairt go bhfuil an fhaisnéis uile a chuireann siad ar fáil chun críocha an éilimh seo i gceart. Ní mór gur chomhlíon siad leis na riachtanais a bhaineann leis an méid seo:
- An tAcht Comhdhlúite CBL, 2010
- An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997
- An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa.
Folaíonn sé seo aon reachtaíocht thánaisteach a rinneadh faoi na hAchtanna seo.
Mura dtagann rogha aníos in ROS chun gur féidir le do charthanas éileamh a dhéanamh ar ROS, déan teagmháil le Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt.