Scéim Cúitimh CBL do charthanais

An méid a theastaíonn chun suim an éilimh a ríomh

Tagraítear do shuim an éilimh mar cháin incháinithe, agus is é sin an tsuim a fhéadann carthanas a éileamh. Ríomhtar é de réir ioncam cháilitheach, caiteachas cáilitheach agus cáin cháilitheach.

Ioncam agus caiteachas

I gcomhthéacs na Scéime Cúitimh CBL do Charthanais:

  • Is éard is brí le hioncam a fhaightear ná airgead iarbhír a fhaightear sa bhliain féilire lena mbaineann an t-éileamh.
  • Is éard is brí le caiteachas a íocadh ná airgead iarbhír a íoctar sa bhliain féilire lena mbaineann an t-éileamh.

Tagairtí d’idirbhearta a bhaineann leis an éileamh is ea tagairtí d’ioncam a fhaightear nó caiteachas.

Oibríonn an scéim ar bhonn airgid.

Sampla

D’ordaigh Carthanas A earraí agus seirbhísí in 2019 ach níor íoc sé astu go dtí 2020. Ní fhéadtar na hearraí agus na seirbhísí seo a chur san áireamh san éileamh i leith 2019 ach féadtar éileamh a dhéanamh ina leith in 2021 maidir le Cáin Bhreisluacha (CBL) a íocadh in 2020.

Ar aghaidh: Céard is ioncam iomlán agus ioncam cáilitheach ann?