Árachas saoil

Cáin Scoir ar Árachas Saoil

Nuair a dhéanann tú, mar shealbhóir polasaí, infheistíocht i bpolasaí árachais saoil, le cuideachta árachais saoil in Éirinn, ní thagann aon cháin chun cinn ar do: 

  • ioncam
  • gnóthachan 

ó shócmhainní bunúsacha an pholasaí de réir mar a tharlaíonn siad. Ina ionad sin, ní mór don chuideachta árachais saoil in Éirinn Cáin Scoir a chur i bhfeidhm nuair a tharlaíonn 'teagmhas inmhuirearaithe'.

Cad is teagmhas inmhuirearaithe ann?

Tarlaíonn teagmhas inmhuirearaithe nuair:

  • a thagann an polasaí saoil chun aibíochta
  • a ghéilleann tú an polasaí saoil go hiomlán nó go páirteach
  • a shanntar an polasaí saoil go hiomlán nó go páirteach
  • nuair a shroicheann an polasaí saoil 8ú comóradh an dáta ar thosaigh sé, agus gach 8 mbliana ina dhiadh sin. Tugtar "diúscairt mheasta 8 mbliana" air seo.

Cén chaoi a ríomhtar an gnóthachan?

Nuair a tharlaíonn teagmhas inmhuirearaithe, ní mór don chuideachta árachais saoil a ríomh an dtagann gnóthachan chun cinn. Go ginearálta, ríomhtar an gnóthachan mar luach an pholasaí saoil lúide an méid iomlán préimheanna a íocadh.

Má shanntar nó má ghéilltear polasaí saoil go páirteach, ríomhtar an gnóthachan ar an gcuid a shanntar nó a ghéilltear. Sa chás seo, is é an gnóthachan luach na coda a ghéilltear nó a shanntar lúide cuid choibhéiseach de na préimheanna a íocadh.

Cén chaoi a ríomhtar Cáin Scoir?

Is é 41% ráta na Cánach Scoir do dhaoine aonair in Éirinn agus 25% do chorparáidí.

Laghdófar an ráta do dhaoine aonair go 38% i gcás teagmhas inmhuirearaithe a tharlaíonn ar an 1 Eanáir 2026 nó dá éis, ar dháta an Bhille Airgeadais 2025 a rith. Ní bheidh aon athrú ar an ráta do chorparáidí.

Conas a asbhaintear an Cháin Scoir

Má dhéanann cuideachta árachais saoil in Éirinn íocaíocht leat nuair a tharlaíonn teagmhas inmhuirearaithe, asbhaineann siad an Cáin Scoir ón íocaíocht sin. 

Mura ndéantar íocaíocht, díolfaidh an chuideachta árachais saoil dóthain sóchmhainní den pholasaí chun an Cháin Scoir atá dlite a íoc. Laghdóidh sé seo luach an pholasaí saoil.

Sa chás go bhfuil feidhm ag diúscairt mheasta 8 mbliana amháin nó níos mó maidir leis an bpolasaí saoil, tá an Cháin Scoir a asbhaintear ar fáil mar chreidmheas. Nuair a:

  • thagann an polasaí chun aibíochta
  • ghéilleann tú an polasaí
  • nuair a shannann tú an polasaí

creidiúnaítear an Cháin Scoir ó dhiúscairt mheasta 8 mbliana an pholasaí saoil. Laghdaíonn sé seo méid na Cánach Scoir ar an aibíocht, ar an ngéilleadh nó ar an sannadh.

I gcásanna áirithe, sáraíonn an creidmheas ó na diúscairtí mheasta 8-mbliana an Cháin Scoir ar aibíocht, ar ghéilleadh nó ar shannadh níos déanaí. Nuair a tharlaíonn sé seo, ní asbhaineann an chuideachta árachais saoil Cáin Scoir ar an aibíocht, ar an ngéilleadh nó ar an sannadh, agus aisíocann sí an barrachas leat.

Nuair a asbhaineann cuideachta árachais saoil in Éirinn Cáin Scoir, níl aon dliteanas cánach breise ort. Baineann sé seo fiú má sháraíonn do ráta imeallach Cánach Ioncaim, MSU agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) ráta na Cánach Scoir.

Ní gá diut aon tuairisceán cánach a thíolacadh maidir le teagmhas inmhuirearaithe do pholasaí saoil le cuideachta árachais saoil in Éirinn.