Árachas saoil

Árachais saoil teaghlaigh

Braitheann cánachas ar chomhlachtaí árachais saoil teaghlaigh agus ar a sealbhóirí polasaí ar an uair a scríobhadh an gnó árachais saoil. Déanann Banc Ceannais na hÉireann na comhlachtaí seo a údarú agus a rialú.

Tagraítear do ghnó árachais saoil a scríobhtar ar 1 Eanáir 2001 nó dá éis mar ‘gnó boinn nua’. Den chuid is mó tá comhlachtaí árachais saoil díolmhaithe ó cháin a íoc ar na brabúis a dhéanann siad ar son a gcuid sealbhóirí polasaí. Ina áit sin, is éard a tharlaíonn ná go rollann na brabúis ar aghaidh laistigh den árachas saoil go dtí go dtarlaíonn ‘imeacht inmhuirir’. Den chuid is mó is é an comhlacht árachais saoil a asbhaineann an cháin scoir nuair a tharlaíonn an imeacht inmhuirir.

Tagraítear do ghnó árachais saoil gnó a scríobhtar ar 31 Nollaig 2000 nó roimhe mar ‘gnó seanbhoinn’. Déantar gnó seanbhoinn a chionroinnt idir scairshealbhóirí agus sealbhóirí polasaí agus tá sé incháinithe mar seo a leanas:

  • Gearrtar cáin ar sciar na scairshealbhóirí de na brabúis ag an ráta caighdeánach cánach corparáide (12.5% faoi láthair).
  • Gearrtar cáin ar sciar na sealbhóirí polasaí de na brabúis ag ráta cánach corparáide atá cothrom leis an ráta caighdeánach cánach ioncaim (20% faoi láthair).

Ar aghaidh: Árachas saoil eachtrach