Iontaobhais Infheistíochta Eastáit Réadaigh (REITs)

Is éard is REIT ann na cuideachta a thuilleann ioncam ó chíos ar mhaoin tráchtála nó chónaitheach. Tá siad díolmhaithe ó Cháin Chorparáide (CC) ar ioncam óna ngnóthas cíosa maoine nó ar ghnóthachain inmhuirir a dhéantar ar dhiúscairt sócmhainní a ngnóthais cíosa maoine. Féadfaidh sé gur cuideachta aonair nó gur grúpa cuideachtaí é REIT.

Má tá sé i gceist ag do chuideachta a bheith ina REIT, ní mór duit é seo a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. Déantar é seo tríd  Form REIT1 a chomhlánú. Más í do chuideachta an phríomhchuideachta i ngrúpa, ní mór Form REIT2 a chomhlánú. Má athraíonn an grúpa cuideachtaí, ní mór Form REIT 2A a chomhlánú.

Ní mór do REIT ráiteas bliantúil a dhéanamh trí Foirm REIT 3 a chomhlánú.