Idirbhearta sonracha airgeadais
Is éard atá i gceist le hidirbhearta sonracha airgeadais ná idirbhearta creidmheasa, idirbhearta taisce agus idirbhearta infheistíochta a bhaineann amach an toradh eacnamaíoch céanna ó thaobh substainte de agus táirgí traidisiúnta inchomparáide.
Féadtar socruithe maoinithe a bheith san áireamh leo seo a chomhlíonann prionsabail dhlí Sharia (a chuireann cosc ar íocaíochtaí úis a dhéanamh nó a fháil). Féadfaidh sé go gcaithfí nó nach gcaithfí le socruithe den sórt sin ar an mbealach céanna le gnáth-idirbhearta airgeadais atá comhchosúil ó thaobh substainte de. Ní cheanglaítear ar shocrú airgeadais cloí le haon phrionsabail atá bunaithe ar chreideamh chun go measfar gur idirbheart sonrach airgeadais é.
Beidh cuspóir comhchosúil ag idirbhearta sonracha airgeadais le hidirbhearta airgeadais eile, ach is minic a bhíonn struchtúr malartach acu (i leith fiachais).
Cuirtear na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi ‘idirbheart sonrach airgeadais’ tríd an méid seo a leanas a thíolacadh:
- Foirm SFT1 i gcás gnóthais airgeadais de réir Alt 267N den Acht Comhdhlúite Cánach, 1997.
- Foirm SFT2 i gcás cuideachta cháilitheach de réir Alt 267N den Acht Comhdhlúite Cánach, 1997.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi idirbhearta sonracha airgeadais,féach an Tax and Duty Manual Part 08A-01-01.