DAC3/BEPS Gníomh 5

Raon feidhme agus faisnéis atá le malartú

Malartú Rialuithe - Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle (DAC3)

Ceanglaíonn DAC3 ar Bhallstáit an AE faisnéis a mhalartú maidir le réamhrialuithe trasteorann agus Réamh-Chomhaontuithe Praghsála a chuirtear ar fáil do chuideachtaí agus d'eintitis eile. Baineann sé seo le gach cáin, lena n-áirítear CBL, cánacha indíreacha eile, agus dleachtanna custam.

In 2023, rinne DAC8 leathnú ar raon feidhme tuairimí inmhalartaithe DAC3 chun rialuithe cánach trasteorann áirithe a bhaineann le daoine nádúrtha a chur san áireamh ón 1 Eanáir 2026. Is duine aonair atá i gceist le duine nádúrtha.

Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ceanglaítear le DAC8 gur gá réamhrialuithe cánach trast‑eorann a eisítear do dhaoine aonair a mhalartú le húdaráis chánach an AE.

Bíonn feidhm le malartú nuair atá an méid seo a leanas i gceist:

  • ní bhaineann an rialú ach le cúrsaí cánach duine aonair amháin nó níos mó
  • go n-eisítear , go leasaítear é nó go ndéantar athnuachan ina leith ar an 1 Eanáir 2026, nó dá éis
  • go gcomhlíontar na coinníollacha riachtanacha.

Is iad na coinníollacha seo ná:

(a) gur mó ná €1,500,000 (nó méid coibhéiseach in aon airgeadra reatha) méid an idirbhirt, nó sraith idirbheart, an rialaithe trasteorann, má thagraítear don mhéid sa rialú

(b) baineann an rialú le cibé an bhfuil cónaitheacht chánach ag an duine aonair sa Bhallstát eisiúna.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an Tax and Duty Manual Part 35-00-0.

Malartú Rialuithe – Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabús (BEPS) Gníomh 5

Foráiltear le BEPS Gníomh 5 do mhalartú faisnéise faoi chatagóirí áirithe rialuithe a bhaineann go sonrach le cáiníocóirí. Baineann na rialuithe seo le rialuithe réamh-idirbhirt agus iar-idirbhirt. Sainmhínítear rialuithe a bhaineann go sonrach le cáiníocóirí mar rialuithe a bhaineann le cáiníocóir ar leith agus a bhfuil an cáiníocóir sin i dteideal brath orthu.

Tá roinnt catagóirí rialuithe ann atá faoi réir malartú éigeantach uathspreagtha faisnéise faoi chreat na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an Tax and Duty Manual Part 35-00-0.

Ar aghaidh: Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú