DAC4/Tuairisciú de Réir Tíre (DrT)

Tuairisc de Réir Tíre (DrT) a thíolacadh in Éirinn

Tá feidhm ag riachtanais an Tuairisc de Réir Tíre (DrT) maidir le grúpaí fiontar ilnáisiúnta (Grúpaí MNE) le hioncam comhdhlúite grúpa de €750 milliún nó níos mó sa bhliain fhioscach roimhe sin. Cuireann Tuairiscí de Réir Tíre briseadh síos ar fáil maidir le hioncam, brabúis, cánacha agus táscairí eile de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha Grúpa MNE, do gach dlínse ina n-oibríonn siad.

Is gá do na comheintitis seo a leanas Tuairiscí de Réir Tíre a thíolacadh in Éirinn, áit a bhfuil siad cónaitheach ó thaobh cánach Éireannach de:

  • máthaireintiteas deiridh de Ghrúpa MNE
  • máthaireintiteas ionaid de Ghrúpa MNE (i gcúinsí áirithe)
  • agus
  • eintiteas de Ghrúpa MNE atá ainmnithe ag an AE (i gcúinsí áirithe).

Chomh maith le riachtanais tuairiscithe tá riachtanais maidir le fógra DrT ann freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar riachtanais tuairiscithe, lena n-áirítear comheintitis, sainchúinsí agus fógraí sonracha, féach ar Treoirleabhar Cánach agus Dleachta Cuid 38-03-21.

Chun treoir ar nósanna imeachta a fháil maidir le tuairisciú DrT a chur
i bhfeidhm, féach OECD guidelines

Ar aghaidh: Eolas a thuairiscítear do na Coimisinéirí Ioncaim faoi FATCA agus DAC4/CbCR