Riachtanas go dtabharfaí fógra maidir le Rialachán ar Urrúsú an AE
Foráiltear le Rialachán (AE) ar Urrúsú, arna leasú, nach mór d’infheisteoirí in Eintitis Shainchuspóireacha Urrúsúcháin (SSPEanna) áirithe a n-údarás cánach a chur ar an eolas maidir le hinfheistíochtaí den sórt sin.
Fógra Infheistíochta (NOI)
Is gá d’infheisteoirí cónaithe Éireannach bainteach le SSPEanna áirithe NOI a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Is riachtanas é d’infheisteoir Éireannach NOI a chomhlánú nuair a bhíonn an SSPE:
- bunaithe tar éis an 9 Aibreán 2021
- agus
- lonnaithe i ndlínse atá ar an liosta thíos.
Ba cheart an NOI a chur isteach trí M'Fhiosruithe. Is gá don infheisteoir an NOI a chur isteach faoin spriocdháta le haghaidh tuairisceán cánach an tréimhse ina ndéantar an infheistíocht.
- Sampla
D’infheistigh Mary in SSPE in Eswatini ar 31 Bealtaine 2023. Is gá do Mary NOI a chur isteach maidir leis an infheistíocht seo trí M’Fhiosruithe. Ba cheart an NOI a chur isteach faoin spriocdháta tíolactha Foirm 11 maidir le Tuairisceán Cánach Ioncaim 2023.
Ón 6 Márta 2026, seo thíos an liosta reatha de dhlínsí Iarscríbhinn II lena bhfuil an riachtanas seo bainteach:
- Eswatini
- Brúiné Darasalám
Ó 2020, tá sé aontaithe ag na Ballstáit go ndéanfaí nuashonrú ar an liosta seo faoi dhó sa bhliain.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin liosta seo ag Liosta an AE de dhlínsí neamh-chomhoibríocha.