Petroleum Production Tax

Baineann an CTP le glanioncam ó fhionnachtana ola agus gáis a dhéantar faoi údaruithe peitriliam a bronnadh an 18 Meitheamh 2014 nó dá éis. Tá an cháin iníoctha sa bhreis ar an ráta reatha Cánach Corparáide 25% infheidhmithe ar thrádálacha eiscthe. Ceadaítear íocaíochtaí Cánach Táirgthe Peitriliam mar asbhaint agus an tsuim Cánach Corparáide á ríomh.

Cén chaoi a ríomhtar an CTP?

Ríomhtar an Cháin Táirgthe Peitriliam ar bhonn ceantar ar cheantar agus tá feidhm aige chomh luath is a thosaíonn ceantar ag táirgeadh ola nó gáis. Tá feidhm aige ar ghlanioncam ceantar incháinithe. Cinntítear an ráta air seo tríd chóimheas brabúis (tugtar an fachtóir R air) an cheantair. Ríomhtar an ‘Fachtóir R’ de bhun na foirmle A/B nuair (maidir le ceantar áirithe):

  • is é A an t-ioncam comhlán carnach
  • is é B na costais ceantair charnacha.

Íocaíocht íosta Cánach Táirgthe Peitriliam

Féadfaidh an cháin iníoctha faoin bhfoirmle cóimheasa brabúis a bheith níos lú ná 5% den ioncam comhlán bliantúil (glan ó chostais taistil). Más ea, gearrfar an íocaíocht íosta Cánach Táirgthe Peitriliam 5%.

Féach an lámhleabhar Cánach Táirgthe Peitriliam PPT manual le haghaidh na rátaí cuí CTP agus sonraí maidir leis an gcaoi leis an gCáin Táirgthe Peitriliam iníoctha a ríomh.

Ní mór don chomhlacht Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun a dTuairisceán Cánach Corparáide (Foirm CT1) a thíolacadh, lena n-áirítear sonraí na Cánach Táirgthe Peitriliam iníoctha.