Faoiseamh Grúpa

Ligeann an Faoiseamh grúpa do bhaill de ghrúpa cuideachtaí caillteanais áirithe Cánach Corparáide (CC) a aistriú chuig baill eile den ghrúpa. Mar shampla, féadfaidh Cuideachta A caillteanas a ghéilleadh do Chuideachta B den ghrúpa céanna. Laghdaíonn an caillteanas aistrithe an méid CC nach mór do Chuideachta B a íoc.

Meastar gur baill grúpa iad dhá chuideachta más rud é:

  • go bhfuil Cuideachta A ina fo-chuideachta 75% de Chuideachta B
  • go bhfuil Cuideachta A agus Cuideachta B araon ina bhfo-chuideachtaí 75% de thríú cuideachta.

Sa dá chás, ní mór don mháthairchuideachta:

  • 75% ar a laghad de ghnáth-scairchaipiteal na fo-chuideachta a bheith faoina húinéireacht, faoi réir neamhshuimeanna áirithe úinéireachta
  • a bheith i dteideal tairbhiúil ar a laghad 75% d’aon bhrabúis atá ar fáil le dáileadh ar shealbhóirí gnáthscaireanna
  • a bheith i dteideal tairbhiúil ar a laghad 75% d’aon sócmhainní de chuid na fochuideachta atá ar fáil le dáileadh ar shealbhóirí gnáthscaireanna i gcás foirceannadh.

Is iondúil faoiseamh grúpa a bheith ar fáil idir cuideachtaí atá cónaitheach in Éirinn agus brainsí de chuid cuideachtaí eachtracha laistigh de réim cháin na hÉireann. I gcúinsí áirithe teoranta, féadfaidh máthairchuideachta atá cónaitheach in Éirinn Faoiseamh Grúpa a éileamh i leith caillteanais a thabhaíonn fochuideachta dhíreach 75% atá cónaitheach i dtír eile. Ní mór gur tír í ar ballstát í den Aontas Eorpach (AE) nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bhfuil comhaontú um chánachas dúbailte aici le hÉirinn.

Faoi Fhaoiseamh Grúpa, féadfaidh baill ghrúpa faoiseamh a aistriú agus a fháil i leith:

  • caillteanais trádála na bliana reatha
  • muirir bhreise i leith ioncaim
  • costais bhreise bhainistíochta, i gcás cuideachtaí infheistíochta
  • liúntais chaipitiúla bhreise faoi Chás V.

Féadtar Faoiseamh Grúpa a éileamh:

  • le fritháireamh in aghaidh ioncam cuí trádála
  • ar bhonn luacha in aghaidh na cánach corparáide cuí
  • mar asbhaint in aghaidh brabúis iomlána gnó eisiata don tréimhse chuntasaíochta sin.

Ní mór do chuideachta Faoiseamh Grúpa a éileamh laistigh de dhá bhliain ó dheireadh thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte lena mbaineann an t-éileamh. Ní mór don chuideachta ghéillte toiliú i scríbhinn a thabhairt go bhfuil an t-éileamh á cheadú acu.

Beidh srian ar an bhFaoiseamh Cánach má thíolactar go déanach tuairisceáin chánach na cuideachta géillte nó na cuideachta atá ag éileamh an Fhaoisimh Ghrúpa.

Mura dtagann tréimhsí cuntasaíochta na cuideachta lena chéile, nó i gcás ina dtéann cuideachta isteach i ngrúpa nó ina bhfágann sí, cuirfear srian ar an bhfaoiseamh ar bhonn ama cionroinnte.