Bosca Forbartha Eolais (KDB)

Is faoiseamh ó Cháin Chorparáide (CC) é an BFE i leith ioncam ó shócmhainní cáilitheacha.

Féadfaidh sé go bhfuil cuideachta a cháilíonn do BFE i dteideal asbhaint cothrom le 50% dá brabús incháilithe. Ciallaíonn sé seo go bhféadtar cáin ar ráta éifeachtach 6.25% a ghearradh ar na brabúis incháilithe.

Cén chaoi a gcáilíonn cuideachta don BFE?

Chun cáiliú:

  •  ní mór go dtosódh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta ar 1 Eanáir 2016, nó dá éis
  •  ní mór go dtuillfeadh an chuideachta ioncam ó shócmhainn cháilitheach inúsáidte
  • agus
  • ní mór gur chruthaigh an chuideachta an tsócmhainn cháilitheach inúsáidte ó ghníomhaíochtaí cáilitheacha Taighde agus Forbartha (T&F).

Céard is sócmhainn cháilitheach ann?

Is éard is sócmhainn cháilitheach ann ná sócmhainn a chruthaítear ó ghníomhaíochtaí cáilitheacha T&F, amhail:

  • clár ríomhaireachta
  • aireagán faoi chosaint ag paitinn cháilitheach
  • Maoin Intleachtúil (IP) do chuideachtaí beaga arna deimhniú ag an gCeannasaí Paitinní mar IP inphaitinnithe, ach gan a bheith paitinnithe.

Cén chaoi le cur isteach ar an BFE

Ba chóir do chuideachta Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar BFE ar a dtuairisceán Cánach Corparáide.

Féach na nótaí treorach Guidance Notes on the Knowledge Development Box le haghaidh tuilleadh eolais faoin BFE.