Alt 247

Faoi Alt 247 den Acht Comhdhlúite Cánach, féadtar faoiseamh a éileamh ó Cháin Chorparáide (CC) i leith ús ar iasachtaí áirithe. Úsáidtear na hiasachtaí seo chun leas a fháil i gcuideachtaí Éireannacha trádála nó cíosa, nó chun iasacht a thabhairt dóibh.

Chun cáiliú, ní mór don chuideachta iasachtaíochta scairsheilbh 5% ar a laghad a choinneáil sa chuideachta eile. Ní mór nach ngnóthaíonn siad caipiteal laistigh de dhá bhliain sula bhfeidhmítear an iasacht. Ní mór stiúrthóir coiteann amháin ar a laghad a bheith ag an dá chuideachta.

Ó 21 Eanáir 2011, tá srianta áirithe ann i leith faoiseamh faoi Alt 247. Féach Cuid 8 Caibidil 3 de na nótaí treorach Notes for guidance - Taxes Consolidation Act 1997 (Finance Act 2022 Edition) chun sonraí a fháil ar na srianta seo.