Cáin Tonnáiste

Is bealach é an Cháin Tonnáiste do chuideachtaí cáilitheacha loingseoireachta a mbrabús a bhaineann le loingseoireacht a ríomh chun críocha Cánach Corparáide (CC). Ríomhtar na brabúis a bhaineann le loingseoireacht bunaithe ar thonnáiste na long a úsáidtear i ngnó loingseoireachta na cuideachta.

Céard is cuideachta loingseoireachta incháilithe ann?

Ní mór do chuideachta loingseoireachta:

  • a bheith laistigh den mhuirear ar CC
  • longa incháilithe a oibriú
  • agus
  • bainistiú straitéiseach agus tráchtála na long incháilithe a chur i gcrích in Éirinn.

Céard is long incháilithe ann?

Is éard is long incháilithe ann ná soitheach atá mór go leor le húsáid in oibríochtaí tráchtála. Is gá an soitheach a dheimhniú mar shoitheach muir-acmhainneach faoin gcoinbhinsiún International Load Line Convention nó faoin gcoinbhinsiún Safety of Life at Sea (SOLAS) Convention. Níl na soithigh seo a leanas ina longa incháilithe:

  • soithigh iascaireachta agus soithigh monarchana éisc
  • longa a úsáidtear den chuid is mó le haghaidh spóirt agus áineasa (seachas longa a úsáidtear chun críocha tráchtála le toilleadh 50 nó níos mó paisinéir thar oíche, an criú gan a bheith san áireamh)
  • báid farantóireachta cuain, inbhir agus abhann
  • gléasra eischósta nach n-úsáidtear chun paisinéirí ná lastais a iompar ar an bhfarraige
  • tancaeir ola a úsáidtear chun ola a sheachadadh ó olacheantar eischósta chuig saoráid stórála ar thalamh tirim
  • dreidirí, ardáin oibre amhail crainn tógála ar an bhfarraige agus soithigh leagain cáblaí
  • agus
  • tugaí nach dtéann ar an bhfarraige mhór.

Ní mór do chuideachta an fhoirm Cáin Tonnáiste 1 a chomhlánú sula bhféadann sé dul isteach sa scéim seo. Ní mór don chuideachta an méid seo a leanas a áireamh ar an bhfoirm:

  • an cuideachta aonair nó an grúpa cuideachtaí atá ag úsáid na scéime
  • ainm agus seoladh na cuideachta ionadaíochta
  • ainm an rúnaí cuideachta, más rud é go bhfuil grúpa cuideachtaí ag roghnú an scéim a úsáid
  • agus
  • an tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann an Cháin Tonnáiste.

Ba chóir an fhoirm Cáin Tonnáiste 1 a sheoladh chuig an mBrainse Cánach Ioncaim Gnó.

Is ag an ráta CC 12.5% a ghearrtar cáin ar bhrabúis a bhaineann le loingseoireacht a ríomhtar ag baint úsáid as modh na Cánach Tonnáiste. Ní mór don chuideachta Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun sonraí na mbrabús Cánach Tonnáiste a chur san áireamh ar a bhfoirm tuairisceáin cánach corparáide CT1.

Féach an treoirleabhar Tonnage Tax Manual chun tuilleadh eolais a fháil.