Foirmeacha

Foirmeacha éilimh

Féadtar teacht ar chuid dár bhfoirmeacha éilimh is mó a bhfuil éileamh orthu thíos.

  • Foirm 54 (féach 'Foirmeacha gaolmhara' do bhlianta roimhe seo) Éileamh ar aisíocaíocht Cánach Coinneála ar Ús Taisce (CCÚT).
  • Foirm DE1 Iarratas ar ús taisce a íoc gan asbhaint CCÚT sa chás go bhfuil an t-iarratasóir agus, nó an céile nó páirtí sibhialta 65 bliain d’aois nó níos sine.
  • Foirm DE2 - Iarratas ó dhuine/daoine aonair faoi éagumas buan ar ús taisce a íoc gan asbhaint CCÚT.
  • Foirm P50 - An chéad éileamh ar aisíocaíocht Cánach Ioncaim agus, nó Muirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) le linn fostaíochta.
  • Med 2 - Costais fiaclóireachta deimhnithe ag cleachtóir fiaclóireachta.
  • SPCC1 – Éileamh don éilitheoir príomha ar an gCreidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil.
  • SPCC2 – Éileamh don éilitheoir tánaisteach ar an gCreidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil.
  • Foirm HK1 Éileamh ar liúntas chun cúramóir a fhostú.
  • Foirm IT31 - Éileamh ar fhaoiseamh cánach i ndáil le táillí teagaisc i leith oideachas tríú leibhéal.
  • Foirm um Roghnú Céile Inmheasúnaithe - Foirm le seoladh chuig d’oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun do stádas sibhialta a thabhairt cothrom le dáta ar thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Ar aghaidh: Foirmeacha don Cháin Fháltas Caipitiúil (CFC)