Foirmeacha

Foirmeacha a ordú

Mura bhfuil tú in ann ár seirbhísí ar líne a úsáid, féadtar na foirmeacha atá liostaithe sa rannán seo a ordú. Féadfaidh tú é seo a dhéanamh trí:

  • glaoch ar ár seirbhís ordaithe foirmeacha 24 uair an chloig uathoibrithe glórphoist ar 01 738 3675
  • agus
  • agus na sonraí thíos a fhágáil linn.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís seo a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • Teideal na foirme agus an bhliain (más infheidhmithe) a theastaíonn uait.
  • Líon na bhfoirmeacha.
  • D’ainm.
  • D’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN).
  • D’uimhir fóin.
  • Do sheoladh iomlán poist, Eircode san áireamh.

De rogha air sin, féadtar na sonraí seo a úsáid chun foirmeacha a ordú trí ríomhphost a sheoladh chuig custform@revenue.ie.