Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID) – Tuairisciú Fíor-Ama

D'fhógair an tAire Airgeadais a Ráiteas Buiséid ar an 8 Deireadh Fómhair 2019. D'fhógair sé próiseas nua bailiúcháin chun Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID) a chur i bhfeidhm agus a bhailiú.

Reáchtáil na Coimisinéirí Ioncaim próiseas comhairliúcháin phoiblí le geallsealbhóirí, scairshealbhóirí, comhlachtaí ionadaíocha agus daoine leasmhara eile. Reáchtáladh an comhairliúchán seo ó mhí Dheireadh Fómhair 2019 go mí an Mhárta 2020.

Ar an 19 Bealtaine 2020, d'fhógair na Coimisinéirí Ioncaim an cinneadh go gcuirfí siar go dtí Eanáir 2021 na hathruithe maidir le tuairisciú fíorama CID. Tá na sonraí ar na cúiseanna leagtha amach in e-Brief No. 87/2020.

Rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le geallsealbhóirí roimh athosú an chláir bainistithe athruithe. Cinnteoidh na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith go gcuirfear a dhóthain ama ar leataobh chun aon obair forbartha ghaolmhar a bhaineann le tuairisciú fíorama CID a sheachadadh.

Tá sé i gceist ag na Coimisinéirí Ioncaim torthaí an chomhairliúcháin seo a fhoilsiú in am trátha.