Príomhchonraitheoirí CCI

Impleachtaí maidir le eWHT

  • Más Príomhchonraitheoir CCI thú faoi láithair, beidh tú anois Ainmnithe i leith Siarchoinneáil (DW).
  • Beidh ort an córas eWHT a oibriú.
  • Ní bheidh an córas CCI ag feidhmiú a thuilleadh.
  • Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag na trí ráta CCI atá ann faoi láthair - 0%, 20% agus 35%. In ionad sin beidh:
    • Ráta Asbhainte Pearsantaithe (PDR) le haghaidh íocaíochtaí le daoine aonair
    • agus
    • ráta comhréidh asbhainte níos ísle le haghaidh íocaíochtaí le corparáidí, páirtnéireachtaí nó eintitis eile.
  • Leanfaidh Fógraí Conartha de bheith riachtanach do chonarthaí san earnáil tógála amháin. Ní bheidh gá leo a thuilleadh le haghaidh conarthaí sna hearnálacha feola agus foraoiseachta.
  • Tá sé i gceist go seolfaidh tú fógraí conartha (más infheidhme) agus fógraí íocaíochta chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Déanfar é sin trí Chomhéadan Feidhmchláir (API). Ciallaíonn sé seo go seolfaidh do chóras TF an fhaisnéis seo mar chuid de do phróisis conarthaí agus íocaíochta.
  • Tá sé beartaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim údaruithe asbhaintí a sheoladh chugat trí API. Ciallaíonn sé seo go bhfaighfidh do chóras TF an ráta atá le cur i bhfeidhm ar an íocaíocht.
  • Is malartú sonraí fíor-ama a bheidh anseo idir do chóras agus ár gcóras féin.

Roinnt cinnteachtaí

  • Beidh eWHT i bhfeidhm don raon céanna príomhchonraitheoirí agus atá CCI faoi láthair.
  • Beidh eWHT i bhfeidhm don raon céanna seirbhísí agus atá CCI faoi láthair.
  • Leanfaidh go leor gnéithe den chóras reatha CCI, m.sh. fógraí conartha, fógraí íocaíochta agus údaruithe asbhainte de bheith mar chuid thábhachtach de eWHT.
  • Ní bheidh gá leo a thuilleadh le haghaidh conarthaí sna hearnálacha feola agus foraoiseachta.
  • Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncam ag cur do thuairisceán míosúil le chéile bunaithe ar an bhfaisnéis a sheoltar chugainn. Féadtar é a leasú nó glacadh leis faoin 23ú lá den mhí dár gcionn.
  • Oibreoidh an tsamhail seo gan uaim le do chórais aiceanta agus laghdóidh sí an t-ualach oibríochtúil agus riaracháin a bheadh ort.
  • Beidh gníomhairí cánach atá ag gníomhú thar ceann príomhchonraitheoirí CCI in ann leanúint ar aghaidh ag gníomhú thar a gceann sa chóras nua. 

Buntáistí

  • Cruthóidh eWHT creat cánach iarchoimeádta simplí agus nua-aimseartha ar fud na gcánacha iarchoimeádta ar fad a bhaineann le féinfhostaíocht. Ailíneoidh sé seo le spriocanna claochlaithe digiteacha agus le deachleachtais idirnáisiúnta.
  • Ligfidh eWHT duit do phróisis gnó a shruthlíniú go mór agus do ualach riaracháin a laghdú.
  • Beidh d'oibleagáidí tuairiscithe cánach iarchoimeádta comhtháite i do ghnáthphróiseas íocaíochta.
  • Sa chás gur duine cuntasach thú i leith CISG faoi láthair, oibreoidh tú cáin iarchoimeádta ailínithe amháin.
  • Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncam ag cur do thuairisceán míosúil le chéile bunaithe ar an bhfaisnéis a sheoltar chugainn. Féadtar é a leasú nó glacadh leis faoin 23ú lá den mhí dár gcionn.
  • Méadóidh comhtháthú cánach i do phróiseas íocaíochta cruinneas na sonraí, rud a chuirfidh cosc ar earráidí costasacha agus fadálach.

Ba mhaith linn d'aiseolas a fháil faoin méid atá molta againn.