Duine Ainmnithe i leith Siarchoinneáil (DW)

Image of people doing their taxes

An ceann acu seo a leanas thú:

  • Príomhchonraitheoir le haghaidh Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI).
  • Duine cuntasach i leith Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG).
  • Oibreoir ardáin, sa gcás go n-éascaíonn d'ardán seirbhísí in aon earnáil agus go ndéanann an t-oibreoir ardáin an íocaíocht a ródú ó fhaighteoir na seirbhíse chuig an soláthraí seirbhíse.

Más ea, beidh tú i do DW le haghaidh eWHT.

Cad a chaithfidh an DW a dhéanamh?

Beidh ar an DW an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Fógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim roimh ré maidir le híocaíocht a dhéanamh le Duine Sonraithe (SP).
  • Ráta iarchoimeádta a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim a chuirfear i bhfeidhm ar an íocaíocht.
  • Cuir an ráta i bhfeidhm ar an íocaíocht atá le déanamh leis an SP.
  • Cáin a choinneáil siar ón íocaíocht leis an SP.
  • An cháin iarchoimeádta a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Cén chaoi a n-oibreoidh sé seo?

  • Tá sé beartaithe go ndéanfar cumarsáid idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an DW trí shraith Comhéadain Feidhmchláir (APIanna). Malartú sonraí fíor-ama a bheidh ann idir córais na gCoimisinéirí Ioncaim agus córas TF an DW.
  • Ciallaíonn API go n-idirghníomhóidh do chóras TF gan uaim leis na Coimisinéirí Ioncaim. Íoslaghdóidh sé seo an t-ualach oibríochtúil agus riaracháin duit.
  • Tiomsóidh na Coimisinéirí Ioncaim do thuairisceán míosúil bunaithe ar an malartú faisnéise seo agus is féidir leat glacadh leis nó leasú a dhéanamh, más gá.
  • Beidh Gníomhairí Cánach in ann na feidhmeanna seo a chomhlíonadh thar ceann a gcliaint.