Céimeanna cur chun feidhme

Tá cur chuige céimnithe á ghlacadh ag Éirinn maidir le ríomhshonrascadh a chur i bhfeidhm. Déantar é seo ar mhaithe le ham a thabhairt do ghnóthaí ullmhú, aistriú agus oiriúnú roimh spriocdháta an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA).

Ó Chéim a hAon, ceanglaítear ar gach gnólacht ríomhshonraisc a fháil ó aon soláthróir a cheanglaítear orthu iad a eisiúint.

Céim a hAon (1 Samhain 2028)

Beidh ar chorparáidí móra atá cláraithe le haghaidh Cánach Breisluacha (CBL) ríomhshonrascadh éigeantach agus tuairisciú fíor-ama a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta inchánach gnó-go-gnó (B2B) intíre.

Ceanglaítear ar gach gnólacht a bheith in ann ríomhshonraisc a fháil ón dáta seo.

Céim a Dó (1 Samhain 2029)

Leathnaíonn an oibleagáid intíre sa chéim seo chun ríomhshonraisc éigeantach agus tuairisciú fíor-ama a chur i bhfeidhm d'idirbhearta B2B intíre inchánach. Beidh tionchar aige ar ghnóthaí atá cláraithe le haghaidh CBL atá ag gabháil do thrádáil trasteorann B2B AE le hearraí ar ráta nialasach nó le socruithe CBL ar sheirbhísí frithmhuirir.

Tugann an chéim seo am do na gnóthaí dul i dtaithí ar na socruithe nua ar leibhéal intíre sula dtiocfaidh an córas de bheith éigeantach ar fud an AE (ViDA).

Céim a Trí (Iúil 2030)

Beidh cur chun feidhme iomlán de riachtanais ViDA AE i ndáil le gach idirbheart trasteorann B2B san AE éigeantach i ngach Ballstát. Déanfaidh gnóthaí na hÉireann atá ag oibriú faoin gcóras intíre cheana féin aistriú chun na hoibleagáidí AE seo a chomhlíonadh.

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim an t-athrú suntasach atá anseo do ghnólachtaí na hÉireann agus tá siad tiomanta do thacaíocht agus rannpháirtíocht chuimsitheach a chur ar fáil le linn an aistrithe.

Treochlár maidir le céimeanna

Tugann an tábla thíos achoimre ar an tionchar a bheidh ag ríomhshonrascadh agus tuairisciú digiteach ar ghnólachtaí do gach céim agus ríomhshonrascadh intíre á chur i bhfeidhm.

A graphic showing a visualisation of the phased implementation