CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA)
Na chéad chéimeanna eile do CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA)
Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag plé leis an gCoimisiún Eorpach agus le húdaráis chánach i mBallstáit eile an Aontais Eorpaigh (AE) chun cur chuige maidir le hathruithe a tugadh isteach le ViDA a thabhairt chun críche. Foilseofar nótaí míniúcháin chun treoir a thabhairt maidir leis an gcaoi ar cheart na forálacha ábhartha i dTreoir ViDA a chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún na nótaí míniúcháin seo a bheith críochnaithe go luath in 2027. I mí na Bealtaine 2026, d'fhoilsigh an Coimisiún clár oibre ViDA work programme maidir le tuairsciú digiteach, ina leagtar amach gníomhaíochtaí i gcatagóirí reachtaíochta, TF, treorach agus comhairliúcháin.
Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil faoi thorthaí an chláir oibre de réir mar a chuirfear ar fáil iad. Leanfaidh muid orainn ag plé le gnóthaí, le grúpaí tionscail agus gairmiúla, chomh maith le príomhpháirtithe leasmhara a bhfuil tionchar ag na hathruithe ViDA agus nua-aoisithe CBL orthu araon.
Déanfaimid plé spriocdhírithe agus muid ag fiosrú príomhcheisteanna agus ag breithniú réitigh fhéideartha ar bhealach níos mionsonraithe. Leathnóimid ár rannpháirtíocht le lucht déanta beartas agus le comhlachtaí poiblí ábhartha eile.
Foilseoidh na Coimisinéirí Ioncaim gach nuashonrú agus athrú a bhaineann le tionsnamh ViDA an AE agus le Nua-Aoisiú CBL anseo.
Féadtar fiosruithe faoi ViDA agus nua-aoisiú CBL a sheoladh trí ríomhphost chuig vatmodernisation@revenue.ie.
Liosta seoltaí
Cláraigh lenár liosta seoltaí chun an t-eolas agus nuashonraithe is déanaí go léir a fháil maidir le cur chun feidhme ríomhshonrasctha in Éirinn
-
Ábhair ghaolmhara