Peppol
Is líonra idirnáisiúnta é Peppol chun doiciméid ghnó, amhail ríomhshonraisc, a mhalartú go leictreonach. Tarchuirtear doiciméid idir gnólachtaí i bhformáid shlán, struchtúrtha agus inléite ag meaisín. Déanann OpenPeppol, comhlachas idirnáisiúnta neamhbhrabúis, an creat idir-inoibritheachta seo a chothabháil.
San AE, glacadh le Peppol le haghaidh ríomhshonrascadh ó ghnó go rialtais (B2G), agus tá sé á úsáid níos mó le haghaidh ríomhshonrascadh intíre ó ghnó go gnó (B2B). Tá an líonra leathnaithe agus úsáidtear anois é i dtíortha lasmuigh den AE.
Féadann gnólacht teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí agus ríomhshonraisc agus doiciméid eile a sheoladh trí Sholáthraí Seirbhíse Peppol. Ní mór do ghnólachtaí aitheantas Peppol a bheith acu chun sainaithint agus ródú ríomhshonrasc chuig an gcustaiméir ceart a éascú.
Tá tuilleadh eolais faoi Peppol ar fáil ar shuíomh idirlín OpenPeppol.
Peppol le haghaidh Ríomhshonrascadh agus Tuairisciú Digiteach
I gCéim a hAon agus ríomhshonrascadh á chur i bhfeidhm in Éirinn, ceannglaítear ar gach corparáid mhór atá cláraithe le haghaidh CBL:
- ríomhshonraisc a eisiúnt ón 1 Samhain 2028 le haghaidh a n-idirbhearta intíre gnó go gnó
- fo-thacar de na sonraí atá sna ríomhshonraisc seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfíor-am.
Ón 1 Samhain 2028, beidh líonra Peppol mar an modh réamhshocraithe do ghnólachtaí chun ríomhshonraisc a tharchur chuig a gcustaiméirí. I gcás gnóthlachtaí a gceanglaítear orthu tuairisciú go digiteach, beidh sé éigeantach Peppol a úsáid chun tuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.
Treoirthionscadal Peppol ViDA
Tá na Coimisinéirí Ioncaim páirteach i dtreoirthionscadal Peppol 'CBL sa Ré Dhigiteach' (ViDA) i gcomhar le OpenPeppol agus le hÚdaráis Chánach eile.
Is é aidhm an treoirthionscadal ná próisis agus an ailtireacht theicniúil a theastaíonn le haghaidh ríomhshonrascadh agus tuairisciú digiteach trí Peppol atá comhlíontach le ViDA a dhearadh agus a thástáil. Cuirfidh sé bonn eolais faoi dhearadh próiseas agus córas le haghaidh ríomhshonrascadh agus tuairisciú digiteach.
Údarás Peppol
Is eagraíocht náisiúnta ainmnithe é Údarás Peppol a bhfuil freagracht air as maoirseacht agus rialú a dhéanamh ar líonra Peppol i dtír ar leith. Tá an t-údarás freagrach as creat Peppol a rialú, a mhaoirsiú agus a chur chun cinn lastigh dá dhlínse, i gcomhréir le rialachas, beartais agus caighdeáin theicniúla OpenPeppol.
Ainmníodh an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) mar Údarás Peppol na hÉireann ar an 18 Eanáir 2018.
Thángthas ar chomhaontú go nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim áit na hOifige um Sholáthar Rialtais mar Údarás Peppol na hÉireann. Tá sé beartaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim tús a chur leis an ról seo ón 1 Eanáir 2027.