Sonraíochtaí teicniúla

Beidh ábhar teicniúil ar fáil ar an leathanach seo maidir le ríomhshonrascadh intíre, tuairisciú digiteach agus tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA) a chur chun feidhme in Éirinn. Áireofar scéimeanna agus caighdeáin san eolas seo. Beidh timpeallachtaí tástála ar fáil in am trátha roimh an dáta a chuirfear an córas i bhfeidhm, an 1 Samhain 2028.

Uaslódálfar eolas nuair a bheidh sé ar fáil. Más mian leat fógra a fháil faoi nuashonruithe a fhoilsítear ar ár suíomh idirlín, cláraigh lenár liosta seoltaí a bhfuil nasc chuige ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo.