Eolas faoi staitisticí na gCoimisinéirí Ioncaim
Staitisticí oifigiúla
Tá Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann um Staitisticí Oifigiúla sínithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Is é príomhchuspóir an Chóid Chleachtais ná:
- feabhas a chur le muinín agus iontaoibh i Staitisticí Oifigiúla arna dtáirgeadh agus arna scaipeadh ag comhlachtaí poiblí
- a neamhspleáchas, a gcaighdeán agus a bhfreagracht a neartú
- agus
- caighdeán na Staitisticí Oifigiúla a fheabhsú.
Tá sraith próiseas i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim le cinntiú go bhfuil:
- neamhspleáchas
- tapúlacht
- inrochtaineacht
- rúndacht
- agus
- caighdeán
ag croílár an tsoláthair ar staitisticí oifigiúla.
Chun é seo a sholáthar, cloíonn Na Coimisinéirí Ioncaim leis na caighdeáin, nósanna imeachta, próisis agus amlínte caílíochta a aontaíodh leis an ISSCoP, agus foilsíodh na doiciméid seo a leanas ina leith:
Sceideal Nuashonruithe bliantúla Staitisticí na gCoimisinéirí Ioncaim
Déanfar an doiciméad seo a thabhairt suas chun dáta uair sa mhí, le léiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar éirigh leis na Coimisinéirí Ioncaim cloí leis an sceideal.
Ar aghaidh: Sonraí oscailte