Na Coimisinéirí Ioncaim ag moladh d’fhostóirí atá cláraithe don Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá a sonraí bainc a thabhairt cothrom le dáta

Inné ar Morning Ireland, mhínigh Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, Niall Cody, nach mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim in ann roinnt íocaíochtaí a dhéanamh faoin Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá mar gheall nach bhfuil Cuntas Aisíocaíochta Bainc ainmnithe socraithe suas ag roinnt bheag fostóirí ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Inniu (01/04/2020), dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil níos mó ná €2 milliún ann nach bhféadtar a íoc le breis agus 770 fostóirí i leith íocaíochtaí a rinne siad faoin scéim.

Cuntas Íocaíochta Bainc reatha socraithe suas ag mórán fostóirí in ROS, ach chun íocaíochtaí a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear íocaíochtaí faoin Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá, is gá d’fhostóirí Cuntas Aisíocaíochta Bainc ainmnithe a shocrú suas.

Tá breis agus 30,000 fostóirí cláraithe anois don Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá. Tá nach mór €23 milliún d’íocaíochtaí eisithe chuig fostóirí go dtí seo, agus tá €11.5 milliún eile le heisiúint inniu. Tá na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, ag iarraidh ar aon fhostóir atá ag fanacht ar íocaíocht ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi láthair, seiceáil go bhfuil Cuntas Aisíocaíochta Bainc ainmnithe socraithe suas acu in ROS.

Féadtar Cuntas Aisíocaíochta Bainc a shocrú suas mar seo a leanas, agus ní mór dó a bheith inrochtana ó thaobh SEPA (Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro):

  • Logáil isteach ar ROS
  • Roghnaigh an rogha ‘Bainistigh Cuntais Bhainc’
  • Roghnaigh an rogha ‘Ríomhaistriú Airgid a Riar’
  • Roghnaigh an rogha ‘ÍMAT d’Fhostóirí’
  • Cuir isteach ‘Uimhir IBAN’ (le fáil ar ráitis bhainc)
  • Cuir isteach ‘Uimhir BIC’ (le fáil ar ráitis bhainc)
  • Cuir isteach ‘Ainm an Chuntais’ (na chéad 18 gcarachtar ar a laghad)
  • Comhlánaigh ‘Scáileán Deimhniúcháin’
  • Comhlánaigh an riachtanas ‘Sínigh agus Tíolaic’(pasfhocal logála isteach ROS ag teastáil).

Tá tuilleadh eolais maidir le riachtanais a ghabhann le Cuntas Aisíocaíochta Bainc le fáil sa rannán Ceisteanna Coitianta ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim anseo.

[Críoch 01/04/2020]