Imní faoi ullmhacht don Bhreatimeacht tagtha chun cinn tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil a dhéanamh le gnóthaí

Le trí seachtaine anuas, scríobh na Coimisinéirí Ioncaim chuig 90,000 gnó, agus rinne teagmháil dhíreach le breis agus 2,500 gnó ar an bhfón mar chuid dá chlár leanúnach, leathan agus cuimsitheach rannpháirtíochta trádála Breatimeachta.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim fáilte roimh an teagmháil idir lucht gnó agus trádála agus na Coimisinéirí Ioncaim agus iad ag obair chun tacú lena n-iarrachtaí a bheith réidh don Bhreatimeacht i mbeagán níos mó ná 90 lá ón lá inniu agus leanfaidh siad leis an teagmháil dhíreach fóin le suas le 14,000 gnó sna seachtainí amach anseo.

Faoi láthair is ionann 97% agus luach na trádála easpórtála chun na Ríochta Aontaithe, agus 93% agus luach na trádála iompórtála ón Ríocht Aontaithe arna dhéanamh ag gnóthaí a bhfuil clárúchán custam acu cheana féin. Ach clárú le haghaidh custam, tugtar uimhir EORI (Córas um Chlárú agus Aithint Oibreoirí Eacnamaíochta) do ghnó agus tá sé ina bunriachtanas le go mbeidh sé in ann gnásanna custam a dhéanamh le haghaidh trádála leis an mBreatain Mhór ón 1 Eanáir 2021.

Inniu (1 Deireadh Fómhair), áfach, agus bunaithe ar theagmhálacha le gnóthaí go dtí seo, léirigh na Coimisinéirí Ioncaim a imní i leith leibhéal ullmhachta roinnt gnóthaí don Bhreatimeacht. Thug Lynda Slattery, Ceannasaí Aonad Breatimeachta na gCoimisinéirí Ioncaim, achoimre air:

“Cuireann muid fáilte roimh an méadú ar leibhéal na gclárúchán Custam atá feicthe againn agus rinneadh thart ar 1,300 clárúchán i mí Mheán Fómhair amháin. Ach is cosúil go gcreideann roinnt gnóthaí go mícheart nach dtarlóidh an Breatimeacht i ndáiríre agus níl siad ag ullmhú don Bhreatimeacht.”

 “Is í an fhírinne ná go dtiocfaidh an Breatimeacht i bhfeidhm ina iomláine ar an 1 Eanáir 2021 agus ní bheidh aon athrú air sin. Ciallaíonn sé seo go mbeidh nósanna imeachta Custam i bhfeidhm ón 1 Eanáir chun trádáil leis agus tríd an mBreatain Mhór, is cuma an toradh a bheidh ar na cainteanna reatha idir an AE agus an Ríocht Aontaithe. I bhfianaise na fírinne seo, tá sé ríthábhachtach go n-ullmhóidh gnóthaí don Breatimeacht anois chun cur isteach tromchúiseach ar an gcaoi a bhfeidhmíonn a ngnó a sheachaint agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith suntasach ar a n-ioncam a íoslaghdú."

Thug Lynda Slattery míniú ar an tábhacht a bhaineann le gach gnó ag tabhairt faoi mheasúnú tionchair Breatimeachta agus cinntiú go gcuireann siad san áireamh scála agus méid an tionchair a bheidh ag an mBreatimeacht ar an ngnó:

“De bharr go n-iompórtálann nó easpórtálann tú táirgí ón mBreatain Mhór, beidh tionchar ag an mBreatimeacht ort. Tiocfaidh an tionchar seo aníos is cuma cé acu an iompórtálann tú táirgí ón mBreatain Mhór lena ndíol ar aghaidh nó má úsáidtear na táirgí chun d’earraí a tháirgeadh. Síleann roinnt gnóthaí mura bhfuil siad ag iompórtáil táirgí ón mBreatain Mhór lena ndíol ar aghaidh anseo, go bhfuil siad saor ó thionchar suntasach ón mBreatimeacht. Má ghlacann gnó le cur chuige den chineál sin, agus mura bhfuil siad réidh le haghaidh an Bhreatimeachta, beidh deacrachtaí ag an ngnó láithreach i mí Eanáir. Tá teachtaireacht na gCoimisinéirí Ioncaim soiléir – beidh iompórtáil nó easpórtáil earraí a bhaineann leis an mBreatain Mhór faoi réir nósanna imeachta Custam ón 1 Eanáir 2021, is é sin go díreach os cionn 90 lá ón lá inniu”.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim anois ag iarraidh ar gach gnó na céimeanna seo a leanas a thógáil go práinneach:

  1. Faigh eolas iomlán agus cruinn faoin méid a bheidh i gceist leis an mBreatimeacht do do ghnó
  2. Déan measúnú tionchair Breatimeachta láithreach
  3. Gníomhaigh i leith an mheasúnaithe sin trí na bearta uile atá ag teastáil chun bheith réidh ar an 1 Eanáir 2021 a bhaint amach.

Mhol Lynda Slattery do ghnóthaí atá ag ullmhú nó ar gá dóibh tosú ar ullmhú don Bhreatimeacht, clárú le haghaidh sheimineáir Bhreatimeachta na gCoimisinéirí Ioncaim ar an 5 agus an 6 Deireadh Fómhair 2020.

“Reáchtálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, sraith seisiún eolais ar líne faoin Breatimeacht chun tacú le gnóthaí impleachtaí an Bhreatimeachta agus na rudaí a theastaíonn uathu díriú orthu a shainaithint agus a thuiscint agus iad ag ullmhú don Bhreatimeacht. Tá eolas maidir le clárú do na seimineáir ar líne ar fáil ar ionad eolais Breatimeachta ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.”

Ar deireadh dúirt Lynda Slattery:

“Féadfaidh gnóthaí a bhfuil aon cheisteanna Custam acu faoin mBreatimeacht agus nach bhfuil freagra orthu san ábhar atá ar fáil san ionad eolais Breatimeachta na gCoimisinéirí Ioncaim na ceisteanna sin a chur ar ríomhphost chuig brexitqueries@revenue.ie nó déan teagmháil le 01-7383632 chun caint faoi ullmhú le haghaidh an Bhreatimeachta. Féadtar an próiseas cláraithe Custam chun uimhir leis an gCóras um Chlárú agus Aithint Oibreoirí Eacnamaíochta (EORI) a fháil a dhéanamh go tapa trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus tá físeán treorach ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim chun cabhrú leat tríd an bpróiseas.”

[Críoch 01/10/2020]