Eolas tugtha suas chun dáta ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le bearta breise chun tacú le gnóthaí agus an Scéim Trádstórála Fiachais

Inniu, (07/05/2020), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim bearta breise chun tacú le gnóthaí FBM (go huathoibríoch) agus le gnóthaí móra araon (nuair a iarrtar é) a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid agus trádála acu mar thoradh ar thionchair COVID-19. Chomh maith leis sin, tá tuilleadh eolais curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil leis an scéim nua chun ‘trádstóráil’ a dhéanamh ar fhiachais CBL agus ÍMAT (Fostóra) a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19, rud a d’fhógair an Rialtas ar an 2 Bealtaine 2020.

Bearta breise chun tacú le gnóthaí

Cuireadh ar fionraí an gearradh úis ar íocaíochtaí déanacha (go huathoibríoch d’fhiontair FBM[1] agus nuair a iarrtar é do ghnóthaí móra) don mhéid seo a leanas:

  • Dliteanais ÍMAT (Fostóra) i leith mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh dlite de ghnáth i mí an Mheithimh agus mí Iúil faoi seach
  • Dliteanais CBL i leith mí na Bealtaine/mí an Mheithimh, dlite de ghnáth i mí Iúil.

Tá sé seo sa bhreis ar fógraí a rinneadh níos túisce gur cuireadh ar fionraí an gearradh úis ar íocaíochtaí déanacha i leith dliteanais CBL do mhí Eanáir/Feabhra agus do mhí an Mhárta/Aibreáin, chomh maith le dliteanais ÍMAT (Fostóra) do mhí Feabhra, mí an Mhárta agus mí Aibreáin araon. Tá breis agus €1,260 milliún i gceist leis an iomlán iarchurtha faoi na socraíochtaí seo le linn mí an Mhárta agus mhí Aibreáin. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag tarraingt aird arís ar an tábhacht a bhaineann le tuairisceáin chánach a thíolacadh fiú nuair nach féidir íocaíocht nó cuid d’íocaíocht a dhéanamh láithreach. Sa chás, mar gheall ar thionchar COVID-19, nach bhfuil an bunphearsanra ar fáil chun na tuairisceáin chánach a ríomh, ba chóir do ghnóthaí tíolacadh a dhéanamh go fóill ‘ar bhonn an mheastacháin is fearr’. Féadtar aon leasuithe i ndiaidh sin a dhéanamh ar bhonn féincheartaithe gan pionós.

Ba chóir do ghnóthaí nach fiontair FBM iad agus a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid nó trádála acu, lena n-áirítear gnóthaí móra a ndéileáltar lena gcúrsaí cánach i Rannóg na gCorparáidí Móra nó i Rannóg na bhFiontar Meánmhéide, teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ard-Bhailitheora trí M’Fhiosruithe, seirbhís comhfhreagrais slán ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim atá ar fáil in moChúrsaí agus ROS. De rogha air sin, féadann na gnóthaí seo teagmháil dhíreach a dhéanamh lena dteagmhálacha brainse i Rannóg na gCorparáidí Móra nó i Rannóg na bhFiontar Meánmhéide.

Scéim nua maidir le trádstóráil fiachas cánach CBL agus ÍMAT (Fostóra) a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19

Ar an 2 Bealtaine 2020, d’fhógair an Rialtas go leagfaidh sé reachtaíocht síos le foráil a dhéanamh go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trádstóráil ar fhiachais chánach a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19. Ag brath ar achtú na reachtaíochta riachtanaí, oibreoidh na Coimisinéirí Ioncaim an scéim ar bhonn riartha. Go bunúsach, déanfar trádstóráil ar na suimeanna a iarchuirtear ó mhí an Mhárta.

Faoin scéim seo, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim imfhálú ar fhiachais cánach CBL agus ÍMAT (Fostóra) a iarchuirtear tráth nach mbíonn gnó in ann trádáil, nó a bhí an gnó faoi réir trádáil shrianta de bharr srianta leighis a bhaineann le COVID-19, chomh maith le fiachais le haghaidh dhá mhí bhreise tar éis don ghnó ‘gnáth-thrádáil’ a thosú arís. Ní bheidh aon bhailiú fiachais i gceist le linn na tréimhse seo agus ní ghearrfar aon ús ina leith.

Chun leas a bhaint as an scéim, áfach, ní mór don ghnó an fiachas cánach a mheas trí gach tuairisceán cuí maidir leis an tréimhse trádála srianta a thíolacadh. Má dhéantar tuairisceán dliteanais ar bhonn an mheastacháin is fearr i leith aon tréimhse, ní mór an tuairisceán ceart a thíolacadh le cinntiú go mbaineann an fiachas tairbhe as an trádstóráil.

Tar éis don ‘ghnáth-thrádáil’ tosú arís, déanfar trádstóráil ar na fiachais cánach CBL agus ÍMAT (Fostóra) amuigh uile ar feadh 12 mhí, agus ní bhaileoidh na Coimisinéirí Ioncaim an fiachas seo ná ní ghearrfaidh aon ús le linn na tréimhse seo. Beifear ag súil leis, áfach, go n-íocfaidh gnóthaí a ndliteanais reatha de réir mar a thagann siad chun cinn sa tréimhse 12 mhí seo.

Ag deireadh na tréimhse ‘trádstórála’ 12 mhí seo, gearrfar ráta úis laghdaithe 3% ar fhiachas cánach trádstóráilte den chineál seo a aisíoc go dtí go n-íocfar ina iomláine é. I gcomparáid leis seo, gearrtar ráta 10% sa bhliain faoi láthair ar fhiachas cánach CBL agus ÍMAT (Fostóra) atá dlite thar théarma.

Tá sé deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim nach n-imreofar tionchar ar Imréiteach Cánach má bhaineann gnó leas as trádstóráil fiachais chánach faoin socrú seo. Íocfar chomh maith na haisíocaíochtaí cánach a thiocfaidh aníos, in ainneoin dliteanais CBL agus ÍMAT (Fostóra) a bheith ag an ngnó a bhfuil trádstóráil déanta orthu. Féadann gnó roghnú, áfach, an aisíocaíocht a fhritháireamh in aghaidh na ndliteanas trádstóráilte más mian leis.

Tá tuilleadh eolais ar an trádstóráil ar fáil in New 'warehousing' of deferred tax debts and interest suspension arrangements ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

[1] Chun críocha cánach, is éard is FBM ann ná gnó a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €3 milliún aige agus nach ndéileálann Rannóg na gCorparáidí Móra ná Rannóg na bhFiontar Meánmhéide sna Coimisinéirí Ioncaim leis. Is i Rannóg na gCánacha Gnó a dhéantar bainistiú ar fhiontair FBM ó thaobh seirbhíse agus ó thaobh na comhlíontachta de.

[Críoch 07/05/2020]