Faoiseamh ó dhleachtanna iompórtála agus CBL a íoc i leith earraí iompórtáilte le haghaidh na troda in aghaidh COVID-19

Dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu (08 Aibreán 2020), gur chuir siad cinneadh Choimisiún an AE i bhfeidhm a cheadaíonn earraí a iompórtáil ó cheantair taobh amuigh den AE le haghaidh na troda in aghaidh COVID-19, saor ó dhleachtanna iompórtála agus CBL.

Is é cuspóir an bhirt ná a chinntiú nach ngearrtar dleachtanna iompórtála ná CBL ar earraí á n-iompórtáil ag eagraíochtaí ceadaithe le haghaidh na troda in aghaidh COVID-19. Áirítear leis seo eagraíochtaí Stáit agus carthanais agus gnóthaí ag iompórtáil ar a son. Áirítear chomh maith eagraíochtaí ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus iad siúd atá rialaithe ag an Stáit agus atá i mbun cúram, tacaíocht agus cóir leighis a thabhairt do dhaoine atá i mbaol ón COVID-19. Chun leas a bhaint as an bhfaoiseamh, ní mór do na heagraíochtaí na hearraí seo a úsáid chun críocha COVID-19 agus iad a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá i mbaol.

Agus é ag trácht ar an scéim, mhínigh Declan Ó Dálaigh, bainisteoir Aonad na bhFaoiseamh Custam sna Coimisinéirí Ioncaim:

“Beidh na soláthairtí saor ó cháin agus ó dhleacht seo fíorthairbheach don FSS agus d’iompórtálaithe ag gníomhú thar a gceann, agus d’eagraíochtaí agus do ghnóthaí eile amhail tithe altranais a iompórtálann earraí mar iad. Ag brath ar na hearraí, is laghduithe suntasacha iad. Mar shampla, i gcás lámhainní máinliachta ciallaíonn sé seo laghdú 25% ar chostas iomlán na lámhainní mar gheall, gan an cinneadh seo, gurb é 2% ráta na dleachta iompórtála agus 23% an ráta CBL a bheadh i gceist. Tá sé suntasach go bhfuil gné shiarghabhálach ag baint leis sa chaoi is go dtagann sé i bhfeidhm ón 30 Eanáir ionas go mbeidh ar a gcumas ag aon ghnó a cháilíonn don díolúine aisíocaíocht a fháil i leith dleachtanna agus CBL íoctha ar iompórtálacha ón dáta sin.”

Mhínigh an tUasal Ó Dálaigh:

“go bhfuil na próisis cheadaithe agus aisíocaíochta don fhaoiseamh seo simplí agus éasca. Tá an fhoirm iarratais um cheadú agus an fhoirm aisíocaíochta ar fáil ón rannán Eolas CBL agus custam, lena n-áirítear faoisimh i leith táirgí dírithe ar COVID-19 ar ár suíomh idirlín. Is féidir an dá fhoirm a chur isteach go leictreonach, agus próiseálfar an aisíocaíocht go tapa.”

Ar deireadh, mhínigh an tUasal Ó Dálaigh:

“cé gur bhain cinneadh Choimisiún an AE dleacht custam agus CBL ó earraí a iompórtáil ó áiteanna taobh amuigh den Aontas Eorpach le haghaidh na troda in aghaidh COVID-19, tá dualgas ann fós na doiciméid chaighdeánacha iompórtála custam a chomhlánú do na hiompórtálacha céanna. Féadtar tuilleadh eolais ar na doiciméid riachtanacha a fháil ar na leathanaigh Iompórtáil agus Easpórtáil sa rannán Trádálaithe agus Gníomhairí Custam. De rogha air sin, féadann iompórtálaithe teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar Importpolicy@revenue.ie.”

[CRÍOCH 08/04/2020]