Deimhniú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an 'chéim oibriúcháin' den SFSP i bhfeidhm anois

Ón 26 Márta 2020, tá na Coimisinéirí Ioncaim ag riar na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19 (SFSP) ar son an Rialtais. Sa chéad chéim den scéim, aisíocadh fóirdheontas uasta de €410 le fostóirí incháilithe i leith gach fostaí incháilithe, is cuma ioncam an fhostaí sin.

Inniu (8/5/2020) dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an SFSP bunaithe anois ar mheán-ghlanphá seachtainiúil gach fostaí incháilithe d’Eanáir agus Feabhra 2020, de réir na dtíolacthaí párolla (chuig na Coimisinéirí Ioncaim) a rinne an fostóir.

Ina theannta sin, dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil tromlach na rátaí athbhreithnithe in Revised rates curtha i bhfeidhm acu anois mar a chinn an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, TD, ar an 15 Aibreán 2020, agus an chuid eile le cur i bhfeidhm go luath. Áirítear an méid seo a leanas leis na rátaí athbreithnithe atá i bhfeidhm anois:

  • an ráta fhóirdheontais 85% d’fhostaithe nach bhfuil a meán-ghlanphá seachtainiúil níos mó ná €412
  • gan barrchaolú a dhéanamh ar an bhfóirdheontas 85% nuair a bhíonn íocaíocht tuarastail suas le €350 sa tseachtain i gceist mar gheall ar an bhfostóir breis agus 15% de ghlanphá seachtainiúil na bhfostaithe a chur leis
  • an fóirdheontas bunráta suas le €350 d’fhostaithe a bhfuil a meán-ghlanphá seachtainiúil níos mó ná €412 ach níos lú na €500
  • An ráta fóirdheontas 70% d’fhostaithe a bhfuil a meán-ghlanphá seachtainiúil níos mó ná €500 ach níos lú ná €586, le fóirdheontais uasta de €410 i bhfeidhm
  • íocaíocht uasta de €350 in aghaidh na seachtaine d’fhostaithe a bhfuil a meán-ghlanphá seachtainiúil níos mó ná €586 sa tseachtain ach níos lú ná €960 sa tseachtain, faoi réir laghduithe barrchaolaithe sonraithe bunaithe ar ranníocaíocht an fhostóra leis an nglantuilleamh seachtainiúil.

Tá cur síos ar na rátaí barrchaolaithe cuí ar fáil sa rannán ‘Rátaí Fóirdheontais ón 4 Bealtaine 2020’.

Oibríonn fostóirí an SFSP i bhfíor-am tríd an ngnáthphróiseas párolla. Lena chinntiú go n-íoctar suimeanna fóirdheontais le fostaithe ar bhonn trátha mar chuid den babhta cuí párolla, is gá suim an fhóirdheontais atá dlite d’fhostaí a ríomh bunaithe ar phá comhlán an fhostaí. Tá sé seo riachtanach toisc nach bhféadtar glanphá fostaí a chinneadh go hiomlán sula ritear an párolla go hiarbhír. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas gurb é an toradh atá air seo go bunúsach ná go bhféadfaidh sé nach n-íocfar suim iomlán an fhóirdheontais dhlite leis an bhfostaí tríd an mbabhta párolla ábhartha i gcás roinnt fostaithe a n-íocann a bhfostóir idir €586 agus €960 glan sa tseachtain ina leith. Dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, go mbeidh siad ag forbairt an chórais le cinntiú go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon suimeanna fóirdheontais fós dlite d’fhostaithe den chineál sin a ríomh, tar éis an párolla nó na párollaí a bheith tíolactha. Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon suim bhreise fóirdheontais go díreach le cuntas bainc na bhfostaithe atá i gceist. Feidhmeofar go luath an fhorbairt riachtanach córais chun é seo a bhaint amach agus feidhmeofar é go siarghabhálach ón 4 Bealtaine i leith aon fhostaithe a bhfuil thioncar aige seo orthu agus a íoctar go seachtainiúil, go coicísiúil nó go míosúil.

Féadtar teacht ar na sonraí iomlána ar an gcaoi a n-oibreoidh fostóirí an SFSP i rith na ‘céime oibriúcháin’ in Guidance on the Operational Phase of the Temporary Covid-19 Wage Subsidy Scheme ar suíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

Freisin inné, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim uasdátú eile ar staitisticí SFSP ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

[Críoch 08/05/2020]