Deimhniú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil athruithe SFSP i bhfeidhm anois i leith fostaithe a bhí ag fáil sochair mháithreachais, uchtála agus sochair áirithe eile íoctha ag an RGFCS

Inniu (08/06/2020), dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil athruithe don Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá i bhfeidhm anois chun freastal ar fhostaithe a d’fhill nó atá dlite le filleadh ar obair tar éis tréimhse saoire mháithreachais, uchtála nó saoire eile lena mbaineann gan íocaíocht.

Baineann na hathruithe seo le fostaithe nach raibh ar phárolla a bhfostóirí ar an 29 Feabhra 2020 agus a bhí:

  • ar thréimhse saoire atharthachta, tuismitheoireachta nó saoire eile lena mbaineann gan íocaíocht
  • ag fáil an tSochair Sláinte agus Sábháilteachta, an tSochair Tuismitheora nó an tSochair Bhreoiteachta íoctha ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RGFCS).

I gcás fostóirí ar mian leo an SFSP a úsáid thar ceann fostaithe incháilithe atá clúdaithe ag na hathruithe seo, féadfaidh siad é sin a dhéanamh ach foirm ghearr a chomhlánú, atá ar fáil le híoslódáil trí M’Fhiosruithe ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadann fostóirí teacht ar an bhfoirm seo ach na céimeanna seo a leanas a leanúint:

  • Logáil isteach ar M’Fhiosruithe ar ROS
  • Cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’
  • Roghnaigh an chatagóir ‘Covid-19: Fóirdheontas Sealadach Pá
  • Roghnaigh an Fho-Chatagóir ‘SFSP – Sochair Mháithreachais agus eile’.

San áireamh sna sonraí is gá d’fhostóirí a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim, tá pá comhlán reatha faoin gconradh, minicíocht an phá, an Ghnáthaicme ÁSPC, cineál na saoire ar bhain an fhostaí atá ag filleadh leas as agus an dáta a filleadh ar an bhfostaíocht. Ba chóir d’fhostóirí ansin an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim tríd é a uaslódáil in M’Fhiosruithe.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim crostagairt ar an bhfaisnéis a chuir fostóirí ar fáil le sonraí cuí eile amhail eolas íocaíochta a fhaightear ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, agus déanfaidh siad meán-ghlanphá seachtainiúil don fhostaí a ríomh, rud a chuirfear ar fáil don fhostóir lena úsáid i mbabhtaí párolla amach anseo. Cinnteoidh an fhaisnéis seo go bhféadtar an fóirdheontas pá ceart a ríomh agus a íoc leis an bhfostaí.

I gcás fostaithe ar scoireadh den phárolla iad agus atá ag fáil na hÍocaíochta Dífhostaíochta Paindéime (IDP), ní bheidh aon siarghabháltacht i bhfeidhm mar gheall go raibh an duine ag fáil íocaíochtaí tacaíochta ioncaim cheana féin. Féadfaidh sé, áfach, go ndéanfaidh fostóirí na fostaithe seo a athfhostú. Nuair a scoirfear dá n-éileamh IDP leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, agus an fhaisnéis cuí ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag a bhfostóir, cuirfear an SFSP i bhfeidhm le haghaidh na gcásanna seo.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon íocaíocht fóirdheontais siarghabhálach atá dlite d’fhostaithe buailte a phróiseáil in am trátha. Beidh an tsiarghabháltacht seo i bhfeidhm ón 26 Márta 2020, an dáta a filleadh ar an bhfostaíocht, nó an dáta a chláraigh an fostóir don scéim, cibé acu is déanaí.

[Críoch 08/06/2020]