Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (08/09/2020), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na Mainnitheoirí Cánach maidir leis an tréimhse an 1 Aibreán 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2020. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochta a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse dar críoch an 30 Meitheamh 2020.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    • Ní raibh aon chás den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2020
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt:Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • 12 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €14,750 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt.

I measc na gcásanna seo tá:

  • 6 chás inar loiceadh tuairisceáin a thíolacadh agus inar loiceadh leabhair agus taifid a choinneáil. Gearradh fíneálacha cúirte suas le €1,250 sna 6 chás seo;
  • 3 chás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte suas le €3,500 ina leith;
  • 3 chás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil. Gearradh pianbhreith ar fionraí ar feadh 12 mhí sna 3 chás seo.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 25 cás á fhoilsiú inniu agus is é €8,491,348 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo;
  • Bhain 18 gcás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 6 cinn díobh sin níos mó ná €500,000
    • agus bhí 3 cinn díobh níos mó ná €1m;
  • Bhain 10 díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meitheamh 2020;
  • Is é €4,821,659 an tsuim neamhíoctha faoin 30 Meitheamh 2020. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2020, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 345 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 10,786 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €85.8 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

Críoch [08/09/2020]