Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
Inniu (08/12/2020), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i leith na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2020. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.
- Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
- Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochta a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse dar críoch an 30 Meán Fómhair 2020.
Cuid 1: Cinntí Cúirte
- Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
- Ní raibh a leithéid de chásanna den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2020
- Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
- Tá 80 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €183,098 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt.
I measc na gcásanna seo tá:
- 32 cás de loiceadh tuairisceáin chánach a thíolacadh agus tuairisceáin mícheart a seachadadh. Gearradh fíneálacha cúirte de €83,750 agus pianbhreith 18 mí amháin (1 bhliain ar fionraí).
- 24 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte suas le €68,500 ina leith.
- 24 cás de choireanna máil le haghaidh díol mídhleathach tobac, próiseáil táirgí tobac neamhcheadaithe, loiceadh ceadúnais biotáille reatha a choinneáil, smuigleáil alcóil agus seilbh ar alcól nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh pianbhreitheanna 10 mí, ar fionraí go hiomlán i 7 gcás agus gearradh fíneálacha cúirte suas le € 2,500 sna cásanna eile.
Cuid 2: Socraíochtaí
Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:
- Tá 17 gcás á fhoilsiú inniu agus is é €19,985,948 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo.
- Bhain 8 gcás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
- bhí 5 cinn díobh sin níos mó ná €500,000
- agus bhí 4 cinn díobh níos mó ná €1m.
- Bhain 7 gcinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meán Fómhair 2020.
- Is é €11,736,486 an tsuim neamhíoctha faoin 30 Meán Fómhair 2020. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).
Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht
Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim.
Sa tréimhse 3 mhí go an 30 Meán Fómhair 2020, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 212 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 10,914 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €88.3 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.
Liosta na Mainnitheoirí Cánach
Críoch [08/12/2020]