Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (09/06/2020), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Márta 2020.  Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse dar críoch an 31 Márta 2020. Tá suimeanna gan íoc faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta: 
    • Tá  6 cinn de chásanna den chineál seo á fhoilsiú agus is é €850,088.69  iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt.
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • Tá  137 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €324,890.50 iomlán  na bpionós arna ngearradh ag Cúirt.

I measc na gcásanna seo tá:

  • 66 cás inar loiceadh tuairisceáin a thíolacadh nó inar tíolacadh tuairisceáin cánach mhíchearta, inar loiceadh leabhair agus taifid a thabhairt a chur ar fáil, inar loiceadh CBL a íoc, nó inar éilíodh aisíocaíochtaí CBL nach rabhthas i dteideal a fháil. Gearradh fíneálacha cúirte suas le €25,000, agus pianbhreith choimeádta suas le 2 bhliain;
  • 43 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianraí marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €17,500 ina leith;
  • 28 cás de choireanna máil agus coireanna ceadúnaithe lena n-áirítear smuigleáil tobac, seilbh ar thobac neamhchláraithe lena dhíol, loiceadh ceadúnas licéir a choinneáil, seilbh ar alcól neamhchláraithe a choinneáil lena dhíol agus bac curtha ar oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Gearradh fíneálacha Cúirte suas le €5,000, seirbhís pobail 240 uair an chloig, 200 uair a chloig seirbhíse pobail in áit príosúnachta, ceithre phianbhreith choimeádta agus ordú dúnta shealadaigh amháin.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse leathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 35 cás á fhoilsiú inniu agus is é €6,024,932.11 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo; 
  • Bhain 16 chás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí  2 cheanndíobh  sin níos mó ná €500,000
    • agus bhí 1 cheann amháin díobh níos mó ná €1m;
  • Bhain 12 díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Márta 2020; 
  • Bhí suim €3,181,997 gan íoc faoin 31 Márta. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí gan íoc a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2020, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 675 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 20,762 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Gnéfhiosruithe agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €107 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

CRÍOCH [09/06/2020]