Déan teagmháil luath leis na Coimisinéirí Ioncaim – an phríomhchomhairle do ghnóthaí a bhfuil deacrachtaí íoca cánach acu

Bíonn na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil ar bhonn rialta le gnóthaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí sealadacha sreafa airgid nó trádála acu a imríonn tionchar ar cháin a íoc in am. Bíonn an-rath ar an obair a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim le gnóthaí a dhéanann teagmháil luath chun a ndeacrachtaí íoca cánach a réiteach, agus is fianaise air sin an fhíric go raibh socruithe tráthíocaíochtaí i bhfeidhm ag breis agus 6,300 gnó ag deireadh 2019, rud a chlúdaigh €73 milliún i bhfiachas cánach.

Inniu (10/03/2020), mheabhraigh an tArd-Bhailitheoir, an tUasal Joe Howley, go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le haon ghnóthaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid thirim shealadaigh acu, lena n-áirítear deacrachtaí de bharr cúinsí eisceachtúla amhail ráig an choróinvíris COVID-19.

Dúirt an tArd-Bhailitheoir “Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhféadfadh fadbhanna maidir le sreabhadh airgid thirim shealadaigh imní a chruthú le haghaidh gnó, i dtéarmaí chumas an ghnó sin taifead maith comhlíontachta cánach a choinneáil. Seachas a bheith ag súil go dtiocfaidh réiteach ar fhadhbanna íocaíochta den chineál seo amach anseo, mholfainn go láidir do ghnóthaí a bhfuil tionchar aige seo orthu na céimeanna praiticiúla seo a leanas a leanúint:

  • lean ar aghaidh le do thuairisceáin chánach a thíolacadh in am, agus
  • déan teagmháil linn go luath má bhíonn deacrachtaí agat, nó má bhíonn deacrachtaí romhat do cháin amach anseo a íoc.”

“Tá sé tábhachtach go mbeidh gnóthaí ar an eolas go n-oibreoidh muid leo chun a ndeacrachtaí íocaíochta cánach a réiteach. Le cumarsáid luath agus fhónta, féadann muid, go ginearálta, socruithe íoca a chomhaontú atá inghlactha don ghnó agus do na Coimisinéirí Ioncaim. Leis seo, éiríonn leis an ngnó atá buailte an brúphointe íocaíochta a shárú agus coinníonn an gnó an dea-theist comhlíontachta cánach.”

Mhínigh an tUasal Howley “Beidh an Áis Socraíochta Tráthíocaíochtaí ar líne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil 24 uair sa lá, 7 lá sa tseachtain agus is seirbhís éasca é do ghnóthaí inmharthana a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar Shocraíocht Tráthíocaíochtaí. Nuair a bheidh an t-iarratas ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, tá solúbthacht shuntasach ag an ngnó féinbhainistiú a dhéanamh ar a sceideal íoca de réir riachtanais an ghnó nó de réir dúshláin shealadacha sreafa airgid. De rogha air sin, féadann gnó dul i dteagmháil le hOifig an Ard-Bhailitheora ar (01) 7383663 chun socraíocht íocaíochta a aontú atá chun tairbhe an dá pháirtí.”  

Agus achoimre á déanamh aige ar an gcomhairle do ghnóthaí, dúirt an tArd-Bhailitheoir “An bealach is ciallmhaire agus is éifeachtaí le haghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí íoca cánach ná gur chóir do ghnó leanúint orthu a dtuairisceáin a sheoladh isteach in am agus teagmháil a dhéanamh linn chomh luath agus a bhíonn deacrachtaí íoca cánach acu. Má leanann gnóthaí na céimeanna praiticiúla seo, is féidir linn oibriú le chéile ar réiteach aontaithe a bhaint amach.”

[Críoch 10/03/2020]