Dáta íocaíochta na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) curtha siar go dtí an 21 Iúil ag na Coimisinéirí Ioncaim

D’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim inniu (13/5/2020), i bhfianaise na gcúinsí leanúnacha maidir le COVID-19, go bhfuil an dáta asbhainte d’úinéirí maoine a roghnaigh CMÁ a íoc le haghaidh 2020 trí Threoir Dochair Bhliantúil curtha siar go dtí an 21 Iúil 2020.

I mí an Mhárta, chuir na Coimisinéirí Ioncaim an dáta asbhainte bunaidh (21 Márta 2020) siar go dtí an 21 Bealtaine 2020, agus le fógra an lae inniu cuirtear an dáta íocaíochta siar arís go dtí an 21 Iúil 2020.

Ní gá d’úinéirí maoine a roghnaigh íocaíocht a dhéanamh trí Threoir Dochair Bhliantúil aon teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ná aon ghníomh a dhéanamh maidir leis seo.

[Críoch 13/05/2020]