Dátaí íoca na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) athraithe chuig 21 Bealtaine ag na Coimisinéirí Ioncaim

D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim comhairle thábhachtach inniu (16/03/2020) d’úinéirí maoine atá dlite leis an gCáin Maoine Áitiúil a íoc ar an 21 Márta 2020.

I gcás aon úinéirí maoine a roghnaigh an CMÁ le haghaidh 2020 a íoc le Treoir Dochair Bhliantúil, athróidh an dáta a asbhainfear an íocaíocht ón 21 Márta 2020 go dtí an 21 Bealtaine 2020.

Ní gá d’úinéirí maoine a roghnaigh íocaíocht a dhéanamh le Treoir Dochair Bhliantúil na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi ná aon ghníomh a dhéanamh. Athrófar an dáta íoca go huathoibríoch chuig an 21 Bealtaine 2020.

[CRÍOCH 16/03/2020]