Athruithe don Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá le cur i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim fógartha ag an Aire Airgeadais

D’fhógair an tAire Airgeadais, Pascal Donohoe, T.D., inné (15/04/2020) tuilleadh athruithe don Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá a mbeidh feidhm acu orthu siúd a thuilleann suas le €500 sa tseachtain (timpeall €31,000), chomh maith leo siúd a thuilleann níos nó ná €586 sa tseachtain (€38,000). Féadtar sonraí ar chinntí an Aire a fháil in letter from Minister for Finance dated 16 April 2020.

Tá sonraí ar na hathruithe don Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá ar fáil ar an leathanach Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19 ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá an méid seo a leanas i measc na bpríomhathruithe don scéim:

  • Fóirdheontas 85% d’fhostaithe nach raibh a meán-ghlanphá seachtainiúil roimhe seo níos mó ná €412.
  • Maidir le fostaithe atá ag fáil an fhóirdheontais 85%, ní fheidhmeofar barrchaolú ar an bhfóirdheontas sa chás go ndéanann fostóir íocaíocht ‘bhreisithe’ níos mó ná 15% de phá an fhostaí roimh ghéarchéim COVID-19 chun iomlán an tuarastail nua (is é sin an fóirdheontas móide an pá comhlán breisithe) a thabhairt go dtí €350 glan.
  • Beidh fóirdheontas bunráta suas le €350 iníoctha i gcás fostaithe a raibh a meán-ghlanphá seachtainiúil roimhe seo níos mó ná €412 ach nach raibh níos mó ná €500.
  • I gcás fostaithe le glanphá roimhe seo de níos mó ná €586 sa tseachtain, lena n-áirítear iad siúd a raibh glanphá níos mó ná €960 sa tseachtain acu, feidhmeofar cur chuige cisealaithe. Is é €350 sa tseachtain uasmhéid an fhóirdheontais iníoctha leis an gcur chuige cisealaithe, ag cur san áireamh an tsuim íoctha ag an bhfostóir agus leibhéal an laghdaithe i bpá tuillte an fhostaí.
  • I gcás fostaithe a bhfuil a nglanphá reatha níos mó ná €960 sa tseachtain (€76,000 comhlán), ní fheidhmeofar fóirdheontas is cuma faoi leibhéal an laghdaithe sa phá.

Tá sé deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim go mbeidh na rátaí nua fóirdheontais agus an barrchaolú cuí á oibriú go hiomlán do thíolacthaí párolla a dhéantar ar an 4 Bealtaine nó dá éis, le dáta pá ar an dáta céanna sin nó dá éis.

Go dtí an 4 Bealtaine 2020, tá feidhm leis na socruithe idirthréimhseacha reatha ina bhfaigheadh fostóirí incháilithe aisíocaíocht uasta fóirdheontais de €410 maidir le gach fostaí incháilithe, is cuma ioncam an fhostaí. Chun críocha riaracháin, áfach, agus chun gur féidir íocaíochtaí fóirdheontais a dhéantar a réiteach amach anseo, moltar nár chóir d’fhostóirí ach suim cothrom leis an bhfóirdheontas deiridh measta a íoc le gach fostaí nuair a ritheann siad a bpárolla.

Ba mhaith leis na Coimisinéirí Ioncaim a mheabhrú d’fhostóirí nach bhfuil aon athrú ar chritéir cháilitheachta na scéime. Má tá cur isteach diúltach suntasach geilleagrach ag COVID-19 ar ghnó fhostóra, féadfaidh siad clárú don scéim ach trí chéim simplí a leanúint.

 [Críoch 16/04/2020]