Deimhniú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim go ngearrfar an ráta nialasach CBL ar sholáthairtí intíre agus fáltais taobh istigh den AE de tháirgí cosanta pearsanta le linn na géarchéime COVID-19

Inniu (17/04/2020), dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadtar an ráta nialasach CBL a ghearradh, ar bhunús lamháltais, chun trealamh cosanta pearsanta (PPE) agus trealamh leighis sonraithe a chur ar fáil don FSS, d’ospidéil agus d’ionaid cúraim sláinte eile le húsáid le haghaidh cóireáil othar a bhfuil COVID-19 orthu.

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar iarratas ón Aire Airgeadas, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D., i dtaca leis an ábhar seo, d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim go gceadóidh siad an ráta nialasach CBL a ghearradh ar sholáthairtí agus fáltais taobh istigh den AE de na táirgí sa liosta thíos nuair a chuirtear ar fáil iad don FSS, ospidéil, tithe altranais, tithe cúraim agus cleachtais Dochtúirí Teaghlaigh le húsáid chun seirbhísí cúraim sláinte a bhaineann le COVID-19 a sholáthar dá n-othair: 

  • trealamh cosanta pearsanta (PPE)
  • teirmiméadair
  • díghalrán lámh
  • aerálaithe leighis agus trealamh análaitheoir speisialta ar nós análaitheoirí le haghaidh dianchúraim agus fo-dhianchúraim agus fearais eile teiripe ocsaigine lena n-áirítear pubaill ocsaigine
  • ocsaigin. 

Beidh an tsocraíocht lamháltais seo i bhfeidhm ón 9 Aibreán 2020 go dtí an 31 Iúil 2020 faoi réir athbhreithniú.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Temporary zero rating of supplies of medical equipment for the treatment of patients with Covid-19 ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

[Críoch 17/04/2020]