Treoir maidir le hIncháilitheacht Fostóirí don SFSP tugtha suas chun dáta ag na Coimisinéirí Ioncaim

Tá an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19 (SFSP) ar fáil d’fhostóirí i ngach earnáil, seachas an tseirbhís phoiblí agus an earnáil leathstáit neamhthráchtála. Chun cáiliú don Scéim, ní mór cur isteach diúltach suntasach geilleagrach a bheith ar ghnó mar gheall ar phaindéim COVID-19.

Is é tosaíocht na gCoimisinéirí Ioncaim ná chun tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí tríd an scéim agus inniu (20/04/2020) tá treoir bhreise i leith chur chuige na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le hincháilitheacht fostóirí agus cruthúnais tacaíochta a scrúdú leagtha amach acu. Tá eolas maidir leis an méid seo a leanas san áireamh leis an treoir seo:

  • Deimhniú gur féidir an cinneadh maidir le laghdú 25% ar láimhdeachas nó orduithe custaiméirí a chur i bhfeidhm ar leibhéal an chomhlachta, é sin nó má tá struchtúr foirmiúil i bhfoirm Rannóga Gnó aonair ag an gcomhlacht, é a chur i bhfeidhm ar leibhéal na Rannóg Gnó aonair sin.
  • Samplaí earnáil-bhunaithe chun cabhrú le fostóirí atá ag machnamh faoi laghdú in orduithe custaiméirí mar bhunús incháilitheachta don scéim.
  • Fostaithe a choinneáil, ag féachaint do struchtúir chorparáideacha, athstruchtúrú comhlachta agus seirbhísí fostaithe curtha ar fáil ag comhlacht comhlachaithe.

Tá treoir uasdátaithe na gCoimisinéirí Ioncaim i ndáil le hIncháilitheacht Fostóirí don SFSP ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.