Comhairle d’fhostóirí ar mian leo an SFSP a oibriú d’fhostaithe athfhostaithe

Tá an chéim oibriúcháin den Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) i bhfeidhm ón 4 Bealtaine 2020. Mar a bhí beartaithe, chuir na Coimisinéirí Ioncaim, eolas ar fáil d’fhostóirí ar dtús a chuirfeadh ar a gcumas suim cheart an fhóirdheontais a bhí dlite do gach fostaí incháilithe a bhí ar phárolla an fhostóra ar an 30 Aibreán 2020 a ríomh. Mhínigh na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanfaí na forbairtí córais riachtanacha ina dhiaidh sin chun eolas a chur ar fáil d’fhostóirí i leith fostaithe incháilithe a athfhostaítear tar éis an dáta sin.

Inniu (21/05/2020), dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim, mar a bhí beartaithe, go bhfuil eolas curtha ar fáil anois d’fhostóirí maidir le ríomh an fhóirdheontais chirt atá dlite d’fhostaithe a scoireadh dá bhfostaíocht mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 agus ar athfhostaigh a bhfostóir iad ina dhiaidh sin ón 1 Bealtaine 2020. Féadtar an t-eolas seo a íoslódáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon íocaíochtaí fóirdheontais siarghabhálacha atá dlite d’fhostóirí go huathoibríoch.

Is féidir teacht ar staitisticí na gCoimisinéirí Ioncaim i leith an SFSP ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá breis agus 38,000 duine tar éis bogadh ón Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime COVID-19 go dtí an Scéim Fóirdheontais Pá ó cuireadh na bearta tacaíochta Rialtais seo i bhfeidhm ag deireadh mhí an Mhárta.

De réir mar a thosaíonn earnálacha ag athoscailt agus an fhoireann ag filleadh ar an obair sna seachtainí amach anseo, ba chóir d’fhostóirí a chinntiú go bhfuarthas Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) (ó na Coimisinéirí Ioncaim) d’aon fhostaithe a athfhostaítear lá oibre amháin ar a laghad sula ritheann siad an chéad phárolla leis na baill foirne sin san áireamh. Cinnteoidh sé seo go gcuirfear eolas an fhostaí athfhostaithe ar fáil d’fhostóirí sula rithfidh siad an párolla agus go n-íocfar an fóirdheontas pá ceart leo. 

Féadtar teacht ar eolas mionsonraithe i leith an SFSP a oibriú ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

[Críoch 21/05/2020]