87,000 toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim tar éis cuardach feithicle

Inné (27/01/2020), mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, agus tar éis feithicle a chuardach i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 87,000 toitín. Bhí stampaí cánach Moldóvach ar na toitíní ‘Marlboro’ agus bhí luach os cionn €46,500 acu, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil tuairim is € 40,500 don Státchiste.

Tá imscrúduithe ar bun. Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil, soláthar agus ar dhíol táirgí tobac sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 28/01/2020]