Na Coimisinéirí Ioncaim chun athruithe don SFSP a chur i bhfeidhm d’fhostaithe a bhí ar shaoire mháithreachais agus saoire uchtála

Tá sé deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis fógra inniu (29/05/2020) ón Aire Airgeadas, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, TD, go bhfuil athrú á chur i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) chun freastal ar fhostaithe atá ag filleadh ar obair tar éis saoire mháithreachais nó saoire uchtála.

Sna rialacha reachtacha reatha, foráiltear d’íocaíocht fóirdheontais bunaithe ar mheán-ghlanphá seachtainiúil gach fostaí d’Eanáir agus Feabhra 2020. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil fostaithe atá ag filleadh ar an obair tar éis saoire mháithreachais nó saoire uchtála incháilithe le haghaidh na híocaíochta SFSP, sa chás nach raibh siad ar an bpárolla ar an 29 Feabhra 2020, nó sa chás nach raibh an fostóir ag íoc pá leis an bhfostaí a bhí ar saoire den chineál sin i mí Eanáir nó Feabhra.

Dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu go bhfuil siad ag súil go mbeidh na próisis riachtanacha chun cur ar chumas fostóirí na íocaíochtaí fóirdheontais cuí a fháil i leith na bhfostaithe a bhfuil tionchar aige seo orthu, i bhfeidhm ón 12 Meitheamh 2020.

Beidh siarghabháltacht i bhfeidhm ón 26 Márta i leith fostaithe a choinnigh a bhfostóirí ar an bpárolla iad, agus cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim é seo i bhfeidhm chomh sciobtha agus is féidir. I gcás fostaithe ar scoireadh den phárolla iad agus ag fáil na hÍocaíochta Dífhostaíochta Paindéime (IDP), ní bheidh aon siarghabháltacht i bhfeidhm mar gheall go raibh an duine ag fáil íocaíochtaí tacaíochta ioncaim cheana féin. Féadfaidh fostóirí na fostaithe seo a athfhostú, áfach, agus cuirfear an SFSP i bhfeidhm le haghaidh na gcásanna seo chomh luath a bheidh deireadh lena n-éileamh IDP leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RGFCS).

Beidh tuilleadh treorach agus eolais d’fhostóirí maidir le fógra an lae inniu agus an chaoi a n-oibreoidh na hathruithe seo ar fáil an tseachtain seo chugainn.

Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim staitisticí inné bunaithe ar oibriú an SFSP cothrom le dáta an 28 Bealtaine 2020. Foilsítear na staitisticí seo gach seachtain ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá an méid seo a leanas i measc na bpríomhphíosaí faisnéise atá le feiceáil sna staitisticí inné:

  • Tá breis agus 50,500 fostóirí tar éis aisíocaíochtaí fóirdheontais a fháil cheana féin faoin SFSP.
  • Tá breis agus 495,100 fostaithe tar éis íocaíocht fóirdheontais amháin ar a laghad a fháil ó tús na scéime.
  • Fuair breis agus 250,600 fostaithe fóirdheontas le linn na seachtaine seo caite.
  • Tá timpeall is 410,000[1] fostaithe ag fáil tacaíochta ón scéim faoi láthair agus tar éis fóirdheontas a fháil le linn na tréimhse pá is déanaí a bhí acu.
  • Tá breis agus 40,000 duine tar éis bogadh ón Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime COVID-19 go dtí an SFSP ó cuireadh na bearta tacaíochta Rialtais seo i bhfeidhm ag deireadh mhí an Mhárta.
  • Is ionann agus beagnach €1,244 milliún agus luach na n-íocaíochtaí a rinneadh faoin scéim.
  • San áireamh leis seo tá €112 milliún in aisíocaíochtaí cánach agus/nó MSU a rinne fostóirí lena bhfostaithe tríd an bpárolla.

[1] Tiocfaidh méadú ar an bhfigiúr seo de réir mar a fhaightear duillíní pá deireadh míosa i gcás fostaithe a íoctar go míosúil iad.

[Críoch 29/05/2020]