Deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadfaidh stiúrthóirí dílseánaigh an SFPF a éileamh ón 1 Meán Fómhair

Ar an 28 Lúnasa 2020, shocraigh an tAire Airgeadais Paschal Donohue TD na coinníollacha a ligeann do stiúrthóirí dílseánaigh dul isteach ar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF).

Inniu (31 Lúnasa 2020), dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadtar an SFPF a éileamh i ndáil le stiúrthóirí dílseánaigh, faoi réir na coinníollacha seo a leanas:

  • go gcomhlíonann an fostóir critéir cháilitheachta an SFSP,
  • go bhfuil an stiúrthóir dílseánaigh ar phárolla an fhostóra cháilithigh, agus
  • gur íocadh pá leis an stiúrthóir dílseánaigh a tuairiscíodh do na Coimisinéirí Ioncaim ar phárolla an fhostóra cháilithigh ag aon am idir an 1 Iúil 2019 agus an 30 Meitheamh 2020.

Nuair atá duine mar stiúrthóir dílseánaigh ar dhá chuideachta cháilitheacha nó níos mó, ní fhéadtar éileamh ar SFPF a thíolacadh ach i ndáil le cuideachta shingil. Sa chás seo beidh an méid seo a leanas i bhfeidhm:

  • is gá don stiúrthóir dílseánaigh cuideachta amháin a roghnú chun críocha éilimh SFPF a dhéanamh ar feadh thréimhse na scéime. Measfar go ndearnadh an rogha ar an gcéad éileamh SFPF i leith stiúrthóir dílseánaigh a thíolacadh,  
  • ní fhéadtar an rogha a athrú le linn théarma na scéime, 
  • níor chóir do na cuideachtaí eile aon éileamh SFPF i leith an stiúrthóra dílseánaigh chéanna a thíolacadh. 

Rinne Orla Fitzpatrick, atá mar cheannaire ar Rannóg na bhFiontar Meánmhéide sna Coimisinéirí Ioncaim agus atá freagrach as an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta a chur i bhfeidhm, achoimre ar threoir bhreise d’fhostóirí roimh sheoladh na scéime ar an 1 Meán Fómhair:

Is gá d’fhostóirí incháilithe ar mian leo SFPF a éileamh clárú don scéim roimh dóibh a dtíolacadh a dhéanamh ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim, ROS. Ní mór d’fhostóirí den chineál sin clárúchán gníomhach ÍMAT/ÁSPC a bheith acu, cuntas bhainc a bhaineann leis an gclárúchán sin agus ní mór imréiteach cánach a bheith acu chomh maith.

Le seachtain anuas, tá breis agus 16,000 fostóir tar éis clárú don scéim agus tá breis agus 15,000 iarratas ar imréiteach cánach déanta freisin. An tseachtain seo caite, chuir na Coimisinéirí Ioncaim i gcuimhne d’fhostóirí gur próisis ar leith iad iarratas ar imréiteach cánach a dhéanamh agus clárú le haghaidh an SFPF. Is gá an dá phróiseas a chomhlánú sula bhféadfaidh fostóirí leas a bhaint as tacaíochtaí SFPF. Ina theannta sin, ní mór d’fhostóirí atá ag éileamh na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) faoi láthair clárú ar leithligh don SFPF toisc go bhfuil coinníollacha incháilithe éagsúla i gceist leis an dá scéim.

Féadtar eolas agus treoir i ndáil leis an SFPF a fháil anseo. Eiseofar treoracha méadaithe d’fhostóirí, lena n-áirítear eolas breise ar stiúrthóir dílseánaigh a chur san áireamh sa scéim, níos déanaí an tseachtain seo.

[Críoch 31 Lúnasa 2020]