Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (09/03/2021), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i leith na tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 31 Nollaig 2020.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    • Ní raibh a leithéid de chásanna den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2020
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt:Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • 98 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €214,345 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt.

Folaíonn siad seo:

  • 34 cás inar loiceadh tuairisceáin chánach a thíolacadh, tuairisceáin cánach mhíchearta curtha ar fáil agus loiceadh CBL a íoc. Gearradh fíneálacha cúirte de €56,750 agus sé Pianbhreith 3 bliana ar fhad, iad uile ar fionraí go hiomlán;
  • 34 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €90,000 ina leith;
  • 26 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac, loiceadh ceadúnais biotáille reatha a choinneáil agus smuigleáil alcóil. Gearradh pianbhreith 3 bliana, ar fionraí go hiomlán, agus gearradh fíneálacha cúirte suas le €7,000 sna cásanna eile;
  • 4 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim inar gearradh fíneálacha cúirte de €7,500.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 32 cás á fhoilsiú inniu agus is é €16,911,854 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo;
  • Bhain 17 gcás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 6 cinn díobh sin níos mó ná €500,000
    • agus bhí 3 cinn díobh níos mó ná €1m;
  • Bhain 6 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Nollaig 2020;
  • Is é €12,115,373 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Nollaig 2020. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2020, rinneadh socraíochtaí i dtaca le265 ceann d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 14,324 ceann d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €200.4 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

Críoch [09/03/2021]